![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/9f/Seadna.djvu/page1-640px-Seadna.djvu.jpg&w=640&q=50)
Séadna
úrscéal le Peadar Ua Laoghaire / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is úrscéal é Séadna[1] a scríobh Peadar Ua Laoghaire sa bhliain 1891. Is é Séadna an saothar is cáiliúla aige. Bhí sé i gceist aige ábhar léitheoireachta a chur ar fáil d'fhoghlaimeoirí na Gaeilge. Cuireadh i láthair é mar scéal cois tine do thriúr cailíní. Ba é Séadna an chéad phríomhshaothar litríochta de chuid na hathbheochana Gaelaí. Foilsíodh é de réir a chéile in Irisleabhar na Gaedhilge ón mbliain 1894 amach, agus foilsíodh é i bhfoirm leabhair é sa bhliain 1904. Baineann an scéal leis an margadh a rinne Séadna, gréasaí, leis an bhFear Dubh. Tagann an scéal ó na scéalta a chuala an t-údar ina óige agus tá sé cosúil leis an bhfinscéal Gearmánach, Faust. Gaeilge Iarthar Chorcaí atá sa scéal. Deirtear uaireanta gurbh é Séadna an chéad úrscéal sa Ghaeilge ach táthar ann a chuireann ina choinne sin á rá go bhfuil an oiread sin gnéithe den bhéaloideas ann le go n-áireofaí mar úrscéal é.
![]() ![]() | |
Cineál | saothar liteartha ![]() |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Peadar Ua Laoghaire ![]() |
Teanga | an Ghaeilge ![]() |
Foilseachán | Éire, 1907 ![]() |
![]() | Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: gramadach, go leor fadhbanna
Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/3/3c/Peadar_Ua_Laoghaire.png/320px-Peadar_Ua_Laoghaire.png)