![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/e/ed/Launch_of_IYA_2009%252C_Paris_-_Grygar%252C_Bell_Burnell_%2528cropped%2529.jpg/640px-Launch_of_IYA_2009%252C_Paris_-_Grygar%252C_Bell_Burnell_%2528cropped%2529.jpg&w=640&q=50)
Susan Jocelyn Burnell
réalteolaí as Béal Feirste / From Wikipedia, the free encyclopedia
Réalteolaí a rugadh ar 15 Iúil 1943 san Lorgain is ea Susan Jocelyn Burnell (née Bell). Agus í i mbun taighde iarchéime in Ollscoil Cambridge faoi stiúir Anthony Hewish, thóg is d'fheidhmigh sí radaiteileasóp 81.5 MHz. Rinne sí grinniú córasach ar fud na spéire, agus i 1967 d'aimsigh an chéad phulsár, neodrónréalta rothlach a astaíonn radaíocht leictreamaighnéadach ó thaobh amháin ionas go mbraitear é mar fhoinse bíogtha radaíochta, cosúil le teach solais. Ina dhiaidh sin d'aimsigh sí 3 cheann eile. Faoi seo tá níos mó ná 350 cinn aimsithe ag réalteolaithe ar fud an Domhain. Roinneadh Duais Nobel sa bhfisic i 1974 le Hewish as fionnachtain an phulsáir, ach bhí conspóid shuntasach ann mar nár roinneadh le Burnell í.[1]
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Dún