From Wikipedia, the free encyclopedia
Spásaire Meiriceánach agus oifigeach de chuid Chabhlach na Stát Aontaithe is ea Sunita Lyn "Suni" Williams[1], a rugadh ar 19 Meán Fómhair 1965 agus í de shliocht Indiach-Shlóivéanach. Tá níos mó siúlóidí spáis (seacht gcinn) déanta aici ná mar atá ag aon bhean eile,[2] agus níos mó ama (50 uair, 40 nóiméad) ag siúlóid sa spás ná aon bhean eile[3][4] Cuireadh ar bord an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta í mar bhall de Thuras 14 agus de Thuras 15. Sa bhliain 2012, bhí sí mar innealtóir eitilte ar Thuras 32, agus ansin mar an ceannaire ar Thuras 33.
Rugadh Sunita Williams in Euclid, Ohio, do néara-anatamaí ón India agus do bhean de shliocht Slóivéanach a raibh cónaí orthu in Falmouth, Massachusetts. Is í an duine ab óige de thriúr clainne.[5][6]
Chríochnaigh Williams a cuid ardscolaíochta in Needham, Massachusetts i 1983. Fuair sí céim bhaitsiléara san eolaíocht in Acadamh Chabhlaigh na Stát Aontaithe i 1987, agus bhain sí céim mhaistreása i mbainistíocht na hinnealtóireachta sa Florida Institute of Technology i 1995.[2]
Tugadh coimisiún mar mheirige i gCabhlach na Stát Aontaithe do Williams i mí Bealtaine na bliana 1987. Ceapadh í mar eitleoir cabhlaigh i mí Iúil. Oileadh í in eitilt réimse leathan d'eitleáin agus d'oibrigh sí ar roinnt long. Bhí sí ar seirbhís ar an USS Saipan i Meitheamh na bliana 1998 nuair a roghnaigh NASA í don chlár spásairí.[2] Faoin am sin bhí breis agus 3,000 uair a chloig eitlte curtha isteach aici i 30 cineál aerárthaí.[2]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.