From Wikipedia, the free encyclopedia
Ginearál agus straitéisí míleata Síneach ab ea Sun Tzu nó Sun Wu (t.544 RC - t.496 RC). Tá cáil ar leith air as an leabhar dá chuid, Ealaíon na Cogaíochta. Déanann an leabhar áirithe seo cur síos ar na nithe atá ag teastáil chun an leas is fearr a bhaint as an gcogaíocht ar mhaithe le bua tapa neamhchostasach a fháil.
Ainm sa teanga dhúchais | (zh-hant) 孫子 |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (zh-hant) 孫武 c. 544 "RCh" Qi, b'fhéidir |
Bás | c. 496 "RCh" 47/48 bliana d'aois Gusu (Zhou dynasty) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Fealsúnacht agus straitéis mhíleata |
Gairm | scríbhneoir, fealsamh, saighdiúir |
Teangacha | An tSínis |
Gairm mhíleata | |
Géillsine | Wu |
Céim mhíleata | ginearál airm ceannaire míleata |
I gceannas ar | Wu |
Coinbhleacht | Spring and Autumn period (en) |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Teaghlach | |
Páiste | Sun Ming Zi |
Athair | Sun Ping A |
Duine muinteartha | Sun Jian (sliochtach) |
Scríobh sé trí chaibidil déag an leabhair seo i Ríocht Wu, cé gurbh as Stát Ch’i é ó dhúchas. Chuaigh an leabhar agus pearsantacht an fhir féin, chomh mór sin i bhfeidhm ar rí Wu, gur cheap sé é ina ghinearál ar a fhórsaí armtha sa bhliain 512 RC.[1] D’éirigh le saighdiúirí Wu an bua an fháil ar na naimhde ba mhó acu, na Ríochtaí Yueh agus Ch’u ar feadh scór bliain. Fuair Sun Tzu agus rí Wu bás thart ar 496 RC.
Leanadh treoracha míleata Sun Tzu i stát Wu ar feadh tamaill i ndiaidh a bháis agus bhí rath leanúnach ar an stát i gcúrsaí cogaíocht dá bharr. Ach bualadh arm Wu go trom nuair a rinneadh faillí sna treoracha seo agus tháinig deireadh leis an ríocht sa bhliain 473 RC.
D’aistrigh Íosánach, an tAthair J.J.M. Amiot, an leabhar go Fraincis ar dtús (Art Militaire des Chinois) sa bhliain 1782.[1] Bhí scéal ann go raibh an leabhar beag seo faoi deara an ratha a bhí ar ghairm mhíleata Napoléon Bonaparte, ach níl aon fhianaise cheart ann ina leith seo. Deirtear gur imigh sé tionchar ar straitéisí míleata Mao chomh maith. D’aistrigh P.F. Calthrop an leabhar go Béarla ar dtús sa bhliain 1905. Rinne Lionel Giles aistriúchán Béarla eile air sa bhliain 1910, arb é an leagan is mó úsáide sa teanga sin (le fáil thíos).
Cuirtear béim mhór sa leabhar seo ar an ngá atá le gliceas agus ní le hollneart míleata, chun cath a bhuachaint:
“ | Bíodh aithne agat ar do namhaid agus ort féin agus beidh tú in ann troid i gcéad cath gan oiread is tubaiste amháin. | ” |
“ | Tá ealaín na cogaíochta ina ábhar ríthábhachtach don stát. | ” |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.