Stáisiún spáis
From Wikipedia, the free encyclopedia
Spásárthach i bhfithis íseal os cionn an Domhain a gcónaíonn an fhoireann ann ar feadh tréimhse réasúnta fada. Samplaí is ea Skylab na Stát Aontaithe agus Mir an Aontais Shóivéadaigh/na Rúise.
Úsáidtear a leithéid chun cleachtadh eitiltí fada a charnadh, agus taighde ábhartha bithleighis is réalteolaíochta a dhéanamh. I 1993 athraíodh clár oibre NASA is ESA ar stáisiún spáis chun comhoibriú leis an Rúis.[1]