Is liagchiorcal suite i Wiltshire, Sasana é Stonehenge, ar cheann de na séadchomharthaí is ársa ar domhan, agus ceann de na suíomhanna réamhstairiúla is cáiliúla i Sasana.[1]
Stonehenge | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Díol spéise do thurasóirí, cromleac, liagchiorcal, leacht cuimhneacháin, suíomh seandálaíochta, músaem staire agus heinse | |||
Tréimhse ama | Neoiliteach | |||
Foirgníocht | c. 30 haois "RCh" 19 haois "RCh" | |||
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 1400 "RCh" | |||
Croineolaíocht | ||||
Curiarrachtaí Domhanda Guinness | ||||
Tréith | ||||
Stíl ailtireachta | prehistoric Britain (en) | |||
Déanta as | sarsen (en) agus bluestone (en) | |||
Tomhas | liagchiorcal: 30 () m fossa: 104 () m | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Amesbury, England | |||
| ||||
Codanna | Stonehenge stone 150 (en) | |||
Séadchomhartha sceidealaithe | ||||
Suíomh Oidhreachta Domhanda | ||||
Cineál | Oidhreacht chultúrtha → An Eoraip-Meiriceá Thuaidh | |||
Am | ?, Critéar roghnúcháin don Oidhreacht Dhomhanda: (i), (ii) agus (iii) | |||
Aitheantóir | 373 | |||
Bonnchló | ||||
Gníomhaíocht | ||||
Úinéir | National Trust | |||
Oibreoir | English Heritage | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | english-heritage.org.uk… | |||
Tógadh clós timpeall 3000 RC ach tharla an tréimhse thógála is mó ann idir 2620-2480 RC (tógadh Sí an Bhrú idir 3300 RC agus 2900 RC de réir dátú charbón 14).
Níl a fhios cé a thóg Stonehenge nó cén fáth, ach ba dhaoine a thuig an chéimseata a thóg é.
Timpeall 2000, tháinig seandálaithe ar íomhánna a bhí greanta i gclocha Stonehenge trí úsáid a bhaint as léasair.[2] Bhí a fhios ag seandálaithe go raibh na híomhánna ar chlocha Stonehenge, ach mar gheall ar an gcreimeadh a tháinig ar na clocha ní raibh siad le feiceáil go soiléir.[3]
Tháinig mórchuid na gcloch gorm ó Preseli Hill in iarthar na Breataine Bige. Creideadh go dtí 2024 gurbh amhlaidh a bhí i gceist leis an chloch altóra i lár an tsuímh. Ach anois tá na heolaithe, i ndiaidh dóibh imscrúdú ar chomhdhéanamh ceimiceach na cloiche, 95% cinnte gur tháinig an ghaineamhchloch as oirthuaisceart na hAlban. Mar sin, bogadh an chloch ó cheantar níos faide ar shiúl ón leacht ná mar a chéadcheapadh; meastar gur thaisteal an chloch 700 km ar a laghad.. Mar sin molann na seandálaithe gur fianaise é go raibh “domhan Neoiliteach ann ar fud na Breataine”.[4]
Féach freisin
Naisc sheachtracha
- Fáinní cluaise i bhfoirm ciseáin; fuarthas iad faoi thalamh in Amesbury, gar do Stonehenge, thart ar 2400-2200 RCh.
Tagairtí
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.