From Wikipedia, the free encyclopedia
Leabhar tagartha is ea Curiarrachtaí Domhanda Guinness, a fhoilsítear go bliantúil. Cuimsíonn sé bailiúchán de curiarrachtaí atá aitheanta go h-idirnáisiúnta, i ngach saghas réimse ó éachtaí daonna go dtí an gnéithe an dúlra.
(en) Guinness World Records | |
---|---|
Cineál | tréimhseachán, saothar liteartha agus gradam |
Cárta innéacs | |
Teanga | Béarla |
Foilseachán | Éire agus an Ríocht Aontaithe, 1955 |
Dáta a bunaíodh | 1955 |
Tréith | |
Príomhábhar | curiarracht an domhain |
Seánra | saothar tagartha |
Líon na leathanach | 230 |
Eile | |
Suíomh gréasáin | guinnessworldrecords.com |
Tá curiarracht ag an leabhar féin - an tsraith leabhar is mó díol riamh. B'é Sir Hugh Beaver, stiúrthóir bainistíochta Guinness a chéadcheap an smaoineamh agus é amuigh ag fiach taobh le Abhainn na Sláine i gContae Loch Garman ar an 4 Bealtaine 1951. Bhí argóint ar siúl idir eisean agus ball eile den ghrúpa faoin éanlaith ghéim is sciobtaí - an chearc fhraoigh nó an feadóg bhuí. Shocraigh sé go raibh gá le cuntas ceart a bheith ann chun a leithéid de cheisteanna a fhreagairt.[1]
Eisíodh an chéad eagrán ar an 27 Lúnasa 1955, agus bhí sé ag barr liosta na leabhair is mó díol in am do Nollaig na bliana sin.
Scríobh Ross McWhirter agus a leathchúpla, Norris, an chéad eagrán sa bhliain 1955 agus bhunaigh siad an comhlacht, "Guiness superlatives" ar 30 Samhain 1955. Tá an-éileamh ar an leabhar ó shin.
Feallmharaíodh Ross McWhirter ar 27 November 1975. Bhí sé i bhfad amach ar an eite dheis. Bhí luaíocht £ 50,000 á tairiscint ag McWhirter chun teacht ar baill den IRA, an 'Balcombe Street Gang'[2] i Londain. Ach lámhach siad é.
Thugtaí an teideal Leabhar Curiarrachtaí Guinness (nó Guinness Book of Records) air suas go dtí an bhliain 2000, agus Guinness World Records ó shin.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.