Sreabhán eachtarcheallach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sreabhán a thimpeallaíonn cealla na colainne is ea sreabhán eachtarcheallach (ECF i mBéarla). I nduine fástá bíonn timpeall 14 lítear de ann, agus cuimsíonn sé plasma na fola, sreabhán scáineach na bhfíochán, is sreabháin thrascheallacha. Chomh maith le huisce, is iad na príomh-chomhábhair ann ná iain sóidiam, clóiríde is décharbónáite, agus próitéiní. Thug an fiseolaí Francach Claude Bernard (1813-1878) an coincheap isteach go raibh cealla na colainne á gcosaint, ó chomhshaol seachtrach a bhí ag síorathrú is go minic naimhdeach, ag a comhshaol inmheánach féin, sreabhán de thoirt is comhdhéanamh tairiseach. Bíodh is go bhfuil a fhios againn anois go n-athraíonn an sreabhán eachtarcheallach, meastar go bhfuil an coincheap seo oiriúnach fós, ach taobh istigh de theorainneacha cúnga.[1]
Aitheantóirí | |
---|---|
MeSH | D045604 |
Acmhainní seachtracha | |
EB Online | science/extracellular-fluid |
Téarmaíocht anatamaíoch |