From Wikipedia, the free encyclopedia
Éalang comhbheirthe i veirteabra amháin nó veirteabraí éagsúla, ionas nach bhforbraíonn áirse an veirteabra. Tarlaíonn leibhéil éagsúla géire. I spina bifida occulta ní bhíonn corda an dromlaigh ná a scannán clúdaithe díláithrithe, agus ní bhíonn aon drochiarmhairt ann. I gcásanna níos troime, is féidir go ngobfaidh an scannán clúdaithe, nó an scannán is an corda, amach as an droim, agus bíonn an corda gan chosaint so-ghonta. Cuireann an éalang seo isteach ar an droim, agus má dhéantar dochar don chorda beidh pairilis ar na géaga íochtaracha. Níl na cúiseanna ar eolas, ach meastar gur dócha go bhfuil ceangal aige le heaspa aigéid fhólaigh sa bhféatas is é ag fás sa bhroinn. Uaireanta, tugtar breis aigéid fhólaigh do mhná torracha chun an riocht a sheachaint. Déantar diagnóis réamhbheirthe trí thiúchan ard próitéine ar leith sa sreabhán aimníneach nó le híomháú ultrafhuaime.[1]
Cineál | neural tube defect (en) , spinal dysraphism (en) agus galar |
---|---|
Speisialtacht leighis | géineolaíocht mhíochaine agus néareolaíocht |
Cliniciúil | |
Comharthaí | asymptomatic (en) |
Aicmiú | |
ICD-10 | Q05 agus Q76.0 |
ICD-9 | 741 agus 756.17 |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0123628 |
OMIM | 182940 |
DiseasesDB | 12306 |
eMedicine | 311113 |
Patient UK | spina-bifida-pro |
Orphanet | 823 |
UMLS CUI | C5680973 |
DOID | DOID:0080016 |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.