From Wikipedia, the free encyclopedia
Cuimsítear le "soláthar díreach" in Éirinn soláthar cóiríochta agus bia mar aon le liúntas seachtainiúil airgid. Meastar go bhfuil díreach os comhair leath den lucht iarrtha tearmainn ar fad in Éirinn ina gcónaí faoin soláthar díreach[1] agus ina gcónaí sna "hIonaid Soláthair Dhírigh". Íocann an rialtas comhlachtaí príobháideacha as aire a thabhairt dos na hiarrthóirí tearmainn.[2]
Is é an Gníomhaireacht Fáiltithe agus Imeasctha (Reception and Integration Agency nó RIA) atá freagrach as dídeanaithe agus as daoine a lorgaíonn tearmann nuair a thagann siad isteach.[3] Bhí 4,696 dhuine ina gcónaí in ionaid soláthair dhírigh ag deireadh mhí na Nollag 2015.
Bíonn na hiarrthóirí tearmainn sa mhullach ar a chéile go minic, le clann amháin i ngach seomra nó suas le ochtar sa tseomra céanna i gcás daoine singil. Níl cead acu a gcuid bia féin a ullamhú; caithfidh siad an bia a thugtar dóibh a ithe.[4][5] Bhí Tá imní léirithe ag an Ombudsman in 2020 faoi chomh mífheiliúnach agus atá cúrsaí cóiríochta in ionaid soláthar.[6][7]
Go háirithe, tá srianta ar an obair gur féidir leo a dhéanamh agus ar na deiseanna oideachais atá ar fáil dóibh.
Tá na dálaí maireachtála go hainnis; ní fadhb a bheadh ann b'fhéidir murach go leanann "Soláthar Díreach" ar aghaidh ar feadh tréimhse ró-fhada. Caitheann daoine dhá bhliain ins na h-óstáin seo ar an meán. Ach tá daoine áirithe a fhanann ann suas le dhá bhliain déag. Ní féidir leo aon dul chun cinn a dhéanamh ina saol le linn an tréimhse sin, rud a chiallaíonn go dtagann ísle brí ar an-chuid acu.
Socrú sealadach a bhí i Soláthar Díreach, a bunaíodh sna blianta 1999/2000.[8] Bunaíodh an córas ar dtús mar réiteach gearr-théarmach.[9][10][11]
Ag deireadh mhí Feabhra 2021, d'fhógair Rialtas na hÉireann plean deireadh a chur le soláthar díreach faoi 2024.[12]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.