Solidus
From Wikipedia, the free encyclopedia
Thug Constaintín Mór bonn nua isteach, an solidus sa cheathrú céad A.D..[1] Choinnigh an solidus an meáchan agus an t-ábhar miotail lómhair a bhí ann ó thús suas go dtí lár an 11ú céad. Dá bhrí sin, bhí a cháil amuigh agus bhí sé ar an mbonn ba thábhachtaí a bhí in úsáid do thrádáil idirnáisiúnta ar feadh cúig chéad bliain. Baineadh úsáid as as solidus mar airgead idirnáisiúnta agus tháinig seandálaithe orthu chomh fada ó bhaile agus na sléibhte Altai sa Mhongóil.