From Wikipedia, the free encyclopedia
De bhrí go dtógtar ciorcaid mhicrileictreonacha ar shlisní beaga sileacan leathsheoltóra (timpeall 10 mm × 20 mm nó níos lú), tugtar slisní, nó fiú micrishlisní, ar na feistí seo. Bíonn na ciorcaid seo, na trasraitheoirí is na comhbhaill eile den chiorcad chomh maith leis na sreanga ceangailte, eitseáilte ar an tslisne sileacain. De réir a chéile is féidir na ciorcaid a dhéanamh níos dlúithe ar na slisní, ionas gur féidir i bhfad níos mó feidhmeanna leictreonacha a dhéanamh de réir an mhéadair chearnaigh de shlisne. Tugtar ciorcad iomlánaithe nó ciorcaid ollscála iomlánaithe ar a leithéid. Is iontaofa saor slisní sileacain a tháirgeadh i gcomhair ríomhairí, fearais baile, agus an chuid is mó d'fheidhmeanna leictreonacha an lae inniu. Tábhachtach i mionadúchán an-chuid trealaimh is feidhmeanna a mbíodh gá le meaisíní ollmhóra chucu blianta beaga ó shin.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.