![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/8c/Threshershark.jpg/640px-Threshershark.jpg&w=640&q=50)
Sionnach mara
géineas iasc / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is sionnach mara ann ná liamhán mór an-oirirc a mhaireann gar do dhromchla na farraige, forleathan i bhfarraigí trópaiceacha is measartha. Aithnítear go héasca é as an maothán an-fhada uachtarach ar a eireaball, a fhéadfaidh a bheith leath chomh fada arís lena cholainn. Baineann sé feidhm as an maothán seo chun báirí iasc a locadh trí dhromchla an uisce a ghreadadh. A cholainn suas le 6 m ar fhad.[1]
Fíricí Gasta Alopias, Tacsanomaíocht ...
Alopias ![]() | |
---|---|
![]() ![]() | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Chondrichthyes |
Ord | Lamniformes |
Fine | Alopiidae |
Géineas | Alopias ![]() Rafinesque, 1810 |
Dún
Cuimsíonn na sionnaigh mhara fine tacsanomaíochta darb ainm Alopiidae, ina bhfuil géineas amháin (Alopias), agus trí speiceas bheo:
- Alopias pelagicus H. Nakamura, 1935 (sionnach mara peiligeach)
- Alopias superciliosus R. T. Lowe, 1841 (sionnach mara mórshúileach)[2]
- Alopias vulpinus Bonnaterre, 1788 (ar a dtugtar sionnach mara freisin)[3]
Tagann ainm na fine agus ainm an ghéinis ón fhocal Gréigise ἀλώπηξ a chiallaíonn “sionnach”.