polaiteoir Briotanach (rugadh 1977) From Wikipedia, the free encyclopedia
Is polaiteoir Briotanach é Simon Hamilton CTR (a rugadh 17 Márta 1977) i dTuaisceart Éireann, a bhí ina Aire Geilleagair i bhFeidhmeannacht Thuaisceart Éireann ó 2016 go dtí gur thit sé as a chéile i mí Eanáir 2017.[1][2] Toghadh é den chéad uair i 2007 chuig Tionól Thuaisceart Éireann mar bhall den Pháirtí Aontachtach Daonlathach (PAD) do Bhaile Loch Cuan.[3]
Fuair Hamilton oideachas i Regent House School agus in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus céimeanna aige i stair / polaitíocht agus dlí.[3] Bhí sé ina Chathaoirleach ar an Chumann Aontachtach san Ollscoil céanna agus ina bhall de Sheanad Ollscoil na Banríona.
Thosaigh Hamilton a ghairm mar iniúchóir le comhlacht cuntasaíochta i mBéal Feirste [3] fostaíodh é mar Oifigeach Polasaí don Pháirtí Aontachtach Daonlathach (PAD) i gCeanncheathrú an Pháirtí ó 2003 go dtí gur toghadh é chuig Tionól Thuaisceart Éireann i 2007. Toghadh é chuig Comhairle Buirge na hArda sa bhliain 2005, ach níor sheas sé arís sa Toghchán i 2011. Is é Hamilton rúnaí Chumann Bhaile Loch Cuan den PhAD Leas-Chathaoirleach Chraobh Bhaile Nua na hArda den PhAD.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.