Ba thaoiseach Gaelach é Seán Ó Néill[1] (c. 1529 - 2 Meitheamh 1567), i gcúige Uladh.[2] Thug na Sasanaigh Shane O'Neill air agus cé go dtugtar "Seán an Díomais" (nó "Shane the Proud") go coitianta anois air, ní raibh an t-ainm sin air lena linn féin.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Dún

Theastaigh uaidh a bheith i gceannas ar Thír Eoghain, talamh dúchais a chine, agus fiú ar Chúige Uladh, mar go raibh a shinsir ina ríthe, dar leis, ar an gcúige ó thús na staire. Bhí Seán in iomaíocht le daoine eile a mhaígh gurb iad féin oidhrí a athar, Conn Bacach, agus leis na Sasanaigh a raibh comharba eile roghnaithe acu.[3]

Faltanas Teaghlaigh

Thug na Sasanaigh teidil Shasanacha do thiarnaí Gaelacha chun iad a chur faoina smacht féin.[4] Rinne siad Iarla Thír Eoghain de Chonn Bacach Ó Néill. De réir an dlí Sasanach, ba chóir go dtiocfadh a chéad mhac i gcomharbacht air, rud nár réitigh le nósanna na nGael. Ba é an Feardorcha an mac ba shine de chuid Choinn, ach chuaigh Seán chun cogaidh leis chun forlámhas a ghnóthú dó féin. Nuair a fuair an Feardorcha bás, ghlac na Sasanaigh chucu a mhac, Aodh Ó Néill, chun é a chosaint agus a ullmhú le bheith ina Iarla ar bhás Choinn.

Le cúnamh óna mhuintir altrama, muintir Dhonnaíle, ar dtús, agus ansin ó Chlann Dónaill Alban, d'éirigh le Seán gach duine a bhí ina choinne a mharú nó a chur faoi chois. Toghadh mar Ó Néill é, rud a bhí mídhleathach de réir dlí na Sasanach ach dlisteanach de réir dlí na nGael.

Caidreamh leis na Sasanaigh

Ba chúis imní do rialtas Shasana an ceangal dlúth a bhí idir theaghlaigh Ghaelacha in Éirinn agus in Albain, agus rinne siad iarracht scoilt a chruthú eatarthu. Sheas Seán Ó Néill an fód le Clann Dónaill na hAlban nuair a rinne na Sasanaigh iarracht iad a chur faoi chois. Nuair a chonaic banríon Eilís I Shasana an chumhacht a bhí ag Ó Néill rinne sí iarracht síocháin a dhéanamh leis agus é a aithint mar Iarla Thír Eoghain. Bhí an oiread sin geallúintí maidir lena shábháilteacht féin de dhíth ar Ó Néill áfach go ndearna na Sasanaigh iarracht é a chur faoi smacht agus duine eile a chur ina áit mar Iarla.

Thumb
Armas

Spreag na Sasanaigh taoiseach Thír Chonaill chun troda le Seán Ó Néill, ach ghabh Ó Néill Calbhach Ó Dónaill agus rinne príosúnach de ar feadh trí bliana. Rinne an Tiarna Sussex slad ar thailte Uí Néill ach ní ghéillfeadh Seán. Le cabhair ó Iarla Chill Dara, col ceathar le Seán, thug Eilís cuireadh do Ó Néill teacht chun cainte léi i Sasana. Chuaigh sé anonn le cúpla taoiseach eile, agus buíon gallóglach leis mar gharda, agus ba léir do bhanríon Shasana a chumhacht. Thuig sí go bhféadfadh sé comhghuallaíocht a bhunú leis an Spáinn nó le naimhde Caitliceacha eile Shasana ar an Mhór-Roinn, agus ghéill sí dá chuid éileamh. Aithníodh é mar "Ó Néill".

Cogadh i gCúige Uladh

A fhad is a bhí Seán gnaitheach i Londain rinne a thánaiste, Toirealach Luineach iarracht ceannas a ghabháil ina áit, ach ní raibh moill ar Sheán deireadh a chur lena iarracht nuair a shroich sé an baile. In ainneoin iarrachtaí Sussex chuaigh Seán chun cogaidh le Ó Dónaill arís agus le Clann Domhnaill Alban le ceannas a fháil ar Chúige Uladh. Chuir Eilís cúpla feachtas míleata isteach sa chúige ina choinne ach ba bheag toradh a bhí ar a n-iarrachtaí.

B'eol do Sheán go raibh iarrachtaí déanta ag Sussex é a mharú le nimh, agus rinne sé a ghearán faoi sin. Thoiligh Eilís conradh a dhéanamh leis agus ghéill sí don chuid ba mhó dá chuid éileamh.

Chuaigh Ó Néill chun cogaidh le Clann Domhnaill anois, ag maíomh go raibh toil na banríona á comhlíonadh aige: na hAlbanaigh a ruaigeadh as Éirinn. Ba bheag an toradh a bhí ar an gcath a throid sé ina gcoinne Chlann Dónaill in aice le Cúil Raithin i 1564, ach an bhliain dár gcionn rinne Seán ionradh ar na Glinnte, bhuail sé cath ar Chlann Dónaill i nGleann Seisc in aice le Baile an Chaistil, agus d'éirigh leis príosúnaigh a dhéanamh dá dtaoiseach, Séamas Íleach (a cailleadh go gairid ina dhiaidh sin) agus dá dheartháir siúd, Somhairle Buí.

Bhí Seán Ó Néill an-chumhachtach ag an bpointe sin, agus eagla ar na Sasanaigh roimhe. Rinneadh socraithe lena chur faoi chois, ach d'éirigh le Ó Néill an Pháil a shlad, agus d'iarr ar Iarla Deasmhumhan cuidiú leis. Rinne na Sasanaigh ionradh ar Thír Chonaill áfach, agus chuir siad Calbhach ar ais i gcumhacht ansin.

Díomua agus Bás

Thumb
Contae Aontroma
Thumb
Caisleán Cara, Bun Abhann Duinne

Theastaigh ó Sheán Ó Néill conradh síochána a dhéanamh ansin, agus rinne sé iarracht cabhair a fháil ón Fhrainc. Bhuaigh Ó Dónaill cath ina choinne ag Fearsaid Súilí, in aice le Leitir Ceanainn, agus scriosadh a arm. Maraíodh a chomrádaí agus a dheartháir altrama, an Dualtach Ó Donnaíle, sa chath.

Theith Ó Néill go dtí na Glinntí, agus cúnamh á lorg aige ó Alastair Óg Mac Dónaill. Thug sé a phríosúnach, Somhairle Buí (deartháir Alastair Óig), leis agus slua beag gallóglach, agus chuaigh sé chun cainte le hAlastair Óg agus a mhuintir i mBun Abhainn Doinne.

Nuair a chlis ar na cainteanna idir é féin agus Clann Dónaill ar an 2 Meitheamh 1567, maraíodh Seán.[2]

Cuireadh é i reilig na mainistreach in aice láimhe agus, ceithre lá ina dhiaidh sin tháinig buíon Sasanach faoin gcaptaen Piers ar an láthair, thugadar a chorp aníos, bhaineadar an ceann de, agus chuireadar go Baile Átha Cliath é lena chur ar taispeáint.

Thumb
Banríon Shasana, Eilís I

A phearsantacht

I súile na Sasanach, ba bhrúid gan bhéasa gan léann é Seán Ó Néill. Ba chinnte go raibh sé ina fhear crua, ina pholaiteoir glic agus ina throdaí den scoth. Chuir sé uaidh a chéad bhean, iníon le Séamas Íleach Mac Dónaill, agus chaith sé go dona lena dara céile, deirfiúr le Calbhach Ó Dónaill. Maígh Calbhach gur céasadh é nuair a bhí sé ina phríosúnach aige, agus thug sé bean Chalbhaigh chun leapan leis: bhí scata páistí aige léi agus phós sé í 1565. Sháraigh sé na Sasanaigh i bpáirc an chatha agus i ndáil na Cúirte. Ba mhór an pléisiúr do na Sasanaigh é nuair a maraíodh é.

Tháinig Toirealach Luineach i gcomharbacht air mar thaoiseach. Rinne a chlann mac iarrachtaí éagsúla ceannas a ghlacadh i dTír Eoghain, ach níor éirigh leo.

Léitheoireacht

  • Ciaran Brady, Shane O'Neill, Dundalgan Press, 1996
  • Hiram Morgan, Tyrone's Rebellion, The Outbreak of the Nine Years War in Tudor Ireland, Woodbridge 1993
  • Proinsias Ó Conluain, "Dutiful old Knight and Formidable Foe" in Dúiche Néill 13, 2000

Tagairtí

Wikiwand in your browser!

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.

Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.