modh taistil a bhaineann úsáid as seolta From Wikipedia, the free encyclopedia
Tugtar seoltóireacht ar láimhseáil báid seoil, rud a bhfuil a lán scileanna ag teastáil chuige, mar atá cóiriú agus socrú na seolta agus an rigín, eolas ar thréithe an uisce agus na gaoithe, agus eolas ar an aimsir. Tá ré na mbád seolta oibre imithe sa chuid is mó den domhan, agus tháinig ina háit ré na seoltóireachta mar chaitheamh aimsire - seoltóireacht aonair agus seoltóireacht foirne. Tá feabhas ar leith tagtha ar luaimh rásaíochta an lae inniu, soithigh chostasacha a bhfuil luas ar leith fúthu.
Cineál | marine propulsion (en) , recreational sport (en) agus oibriúchán feithicle |
---|
In Éirinn tá cuid de na báid seoil thraidisiúnta á gcaomhnú, ar húicéirí na Gaillimhe agus geoltaí Acla, agus iad ina mbáid oibre anuas go dtí an dara leath den chéad seo caite.
Tá báid seoil ann leis an mílte bliain i ngach cuid den domhan a raibh teacht ag daoine ar locha móra nó ar an bhfarraige. Bhí siad le fáil san Áise, sa Mheánoirthear, san Afraic agus ar chóstaí na hEorpa. Bhí éagsúlacht ag baint leis na réigiúin úd, leis na deacrachtaí a bhí le sárú ag lucht seoltóireachta agus leis na saghsanna réitigh a rinneadh ar na deacrachtaí sin. Ba mhór idir long fada na Lochlannach agus siunca na Síne, ach bhí éifeacht leo araon ar shlite difriúla.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.