Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann
seirbhís póilíneachta i dTuaisceart Éireann / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (SPTÉ) nó an Police Service of Northern Ireland (PSNI) an tséirbhís péas i dTuaisceart Éireann.
Sonraí | |
---|---|
Ainm gearr | PSNI ![]() |
Cineál | póilíní ![]() |
Foirm dlí | |
Téann in áit | Constáblacht Ríoga Uladh ![]() |
Dáta a bunaíodh | 4 Samhain 2001 |
2000 | Police (Northern Ireland) Act 2000 (en) ![]() ![]() |
Gníomhaíocht | |
Limistéar oibriúcháin | Tuaisceart Éireann ![]() |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Príomhoifigeach feidhmiúcháin | George Hamilton (en) ![]() ![]() |
Táscaire eacnamaíoch | |
Buiséad | 646 M£ ![]() |
Suíomh gréasáin | psni.police.uk ![]() |
Bunaíodh an SPTÉ ar an 4 Mí na Samhna 2001 mar chomharba ar an gConstáblacht Ríoga Uladh (RUC), mar thortha d'Athbhreithniú Póilíneachta molta ag Comhaontú Aoine an Chéasta. Bhí sé mar choinníoll den comhaontú Coimisiún Neamhspleách ar Phóilíneacht do Thuaisceart Éireann a chur ar bun, ar a dtugadh an Coimisiún Patten mar gheall ar a chathaoirleach, Chris Patten. Tacaíonn an páirtí polaitíochta Sinn Féin, a dhéanann ionadaíocht do thart ar an ceathrú cuid de mhuintir Thuaisceart na hÉireann, leis an SPTÉ.
Tá polasáí idirdhealaithe dearfaigh ag an SPTÉ de 50% dá chuid péas a liostáil as cúlra Caitliceach Rómhánach agus an 50% eile a liostáil as cúlraí neamh-Caitliceacha Rómhánacha, mar leigheas don easchothromaíocht ghéarr Phrotastúnach a bhíodh ann san RUC. Cumadh ainm agus siombailí na seirbhíse nach dtuga siad ar pobal amháin cúl a thabhairt don pobal eile. Ar a suaitheantas tá an cros Phádraig agus sé shiombail a bhaineann le traidisiúin difriúla agus coiteanna: an choróin, an chláirseach, an tseamróg, an mheá dlí agus cirt, an tóirse, agus an chraobh labhrais.
Tá an tseirbhís arna stiúradh ag an mBord Póilíneachta Thuaisceart Éireann.