From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é Comhaontú Aoine an Chéasta (a dtugtar Comhaontú Bhéal Feirste agus Comhaontú Stormont air freisin)[1] an comhaontú a shínigh rialtais na hÉireann agus na Breataine ar an 10 Aibreán 1998 le todhchaí pholaitiúil Thuaisceart Éireann a shocrú agus le deireadh a chur leis na Trioblóidí.[2]
Cineál | conradh síochána | |||
---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Aoine an Chéasta | |||
Cuid de | Na Trioblóidí | |||
Dáta na bliana | 10 Aibreán 1998 | |||
Teacht i bhfeidhm | 2 Nollaig 1999 | |||
Tír | an Ríocht Aontaithe | |||
Baint le limistéar údaráis | Tuaisceart Éireann | |||
Sínitheoir | ||||
Chuir muintir Phoblacht na hÉireann agus Thuaisceart Éireann a dtacaíocht in iúl in dhá reifreann ar an 23 Bealtaine, 1998.
Ba é an chéad sos comhraic de chuid an IRA ar 31 Lúnasa 1994 a réitigh an bealach. Ba chor é nach raibh aon duine ag súil leis.[3] Ba é faoi ndear sos na nDílseoirí a fógraíodh sé seachtaine ina dhiaidh sin, ar an 13 Deireadh Fómhair 1994.[4]
Is chun an chéim chinniúnach sin sa bhliain 1994 a ghlacadh a rinneadh an obair mhór – le tiomantas Gerry Adams agus Martin McGuinness laistigh de ghluaiseacht na poblachta, ról John Hume ina chainteanna le Adams agus le rialtais na hÉireann, na Breataine agus Mheiriceá, chomh maith le diongbháilteacht Albert Reynolds. Lean scata ceannairí iad a raibh páirt mhór acu sa phróiseas polaitiúil ach ba é an chéad sos sin sa bhliain 1994 a réitigh an bealach.
Cé gur theip ar an dá shos cogaidh níos déanaí (sa bhliain 1996), chuir siad deireadh leis an bhforéigean mórscála sa Tuaisceart.[5]
Ar 9 Nollaig 1994. tharla cainteanna foirmeálta idir Rialtas na Breataine agus Sinn Féin don chéad uair, i gCnoc an Anfa, Béal Feirste.
Ní raibh dhá bhliain imithe ó shíniú an tSos Cogaidh, nuair a chuir an tIRA ar ceal é ar an 9 Feabhra 1996. Níos deireanaí ar an lá céanna, phléasc buama leath-thonna i gceantar Canary Wharf i Londain, buama a rinne damáiste 85 milliún punt do lárionad airgeadais na cathrach agus a mharaigh beirt dhaoine.[6]
Bhí Sinn Féin den tuairim go raibh teipthe ar an sos cogaidh, toisc nach raibh Rialtas na Ríochta Aontaithe na comhchainteanna síochána a oscailt do na Poblachtánaigh sula ndíchoimisiúnódh an tIRA a chuid arm.
Tháinig tuilleadh buamálacha sna sála ag an gceann seo, go háirithe an ceann i Manchain a scrios limistéar mór i lár na cathrach ar an 15 Meitheamh 1996. B'é an t-ionsaí buamála ba mhó i stair na Breataine Móire i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Cé go rabhthas in ann líon na dtaismeach a íosmhéidiú, a bhuí is go raibh na seirbhísí éigeandála an-ghasta ag freagairt don réamhrabhadh teileafóin a tugadh don stáisiún áitiúil teilifíse, gortaíodh breis is dhá chéad duine mar sin féin. Bhí cuid acu taobh amuigh den teorainn slándála a cuireadh ar bun timpeall ar an áit dhainséarach.
Nuair a tháinig Tony Blair i gcumhacht sa Bhreatain i 1997 agus Bertie Ahern mar Thaoiseach, d’aontaigh an bheirt tabhairt faoi phróiseas na síochána in athuair. Ar an 19 Iúil 1997 d’fhógair an tIRA athnuachan a sos comhraic ó mheán oíche. Réitigh sé sin an bealach do pháirtíocht Shinn Féin i gcainteanna, do Chomhaontú Aoine an Chéasta agus do roinnt na cumhachta in Stormont.
Ar dtús, I mí Mheán Fómhair 1997, bhí an chuma ag teacht ar an scéal go bhfágfaí Sinn Féin taobh amuigh. Ach shínigh Sinn Féin Prionsabail Mitchell, agus fuair polaiteoirí an pháirtí cead isteach sna comhchainteanna. B'iad na prionsabail seo ná:
Ar taobh amháin, bhí David Trimble ina cheannaire ar an UUP idir 1995-2005, agus tuairimí an-docht aige i dtaobh an Aontachais.
Ar an taobh eile, bhí John Hume agus Séamus Mallon, de chuid an SDLP,, agus Gerry Adams agus Martin McGuinness de chuid Sinn Féin.
Tháinig athrú ollmhór ar mheon Trimble le linn 1997-1998 nuair a chonaic sé go raibh an tIRA i ndáiríre dul ar aghaidh leis an bpróiseas síochána. Léirigh an Trimbleach “crógacht thar na bearta” le linn na gcainteanna síochána, agus easaontas agus aighneas ina pháirtí féin, an UUP.[7]
Níos déanaí sa bhliain 1998, bronnadh Duais Nobel ar Trimble agus John Hume mar aitheantas ar an obair a rinne siad ar mhaithe le Comhaontú Aoine an Chéasta thabhairt ar an saol.
Sa Chomhaontú, cuireadh rialtas dúchais ar bun don Tuaisceart in athuair, agus é bunaithe ar phrionsabal na cumhachtroinnte.[8] Bunaíodh Feidhmeannas Comhchumhachta sa bhliain 1999, agus an ceithre pháirtí ba mhó páirteach ann, ina measc Sinn Féin.
Leasú eile ab ea bunú na seirbhíse nua poilíníachta, ar tugadh Seirbhís Póilíníochta Thuaisceart Éireann uirthi. Cuireadh de dhualgas ar an tseirbhís poilíníochta nua cuóta áirithe íosmhéide de Chaitlicigh a fhostú.
Ní raibh na paraimíleataigh go léir sásta. Mar sin, scoilt grúpaí áirithe paraimíleata faoi cheist na síochána, agus tháinig dreamanna nua ar an bhfód a thosaigh ag cur a gcogaidh féin beag beann ar an gcomhaontú.
B'é Fórsa Óglaigh Uladh an chéad ghrúpa a thit as a chéile de dheasca an easaontais, nuair a bhunaigh na heasaontóirí drong úr, Fórsa na nÓglach Dílseach (LVF, Loyalist Volunteer Force) sa bhliain 1996.
I Mí na Nollag 1997, d'fheallmharaigh an tINLA Billy Wright, ceannaire na nÓglach Dílseach, agus mharaigh na Dílseoirí roinnt Chaitliceach le cor a thabhairt in aghaidh an chaim.
Thairis sin, chrom dhá ghrúpa easaontóirí de chuid an IRA, an tIRA Leanúnach (Continuity IRA) agus an Fíor-IRA (Real IRA) ar an mbuamáil, beag beann ar shos cogaidh na Sealadach.
I Mí Lúnasa 1998, mharaigh buama de chuid an Fhíor-IRA 29 sibhialtach san Ómaigh.
B'é seo an buama ba mheasa riamh ó thús na dTrioblóidí, agus is iomaí náisiúnaí Éireannach a ghlac col leis na heasaontóirí Poblachtánacha i ndiaidh an bhuama seo. Ghlac an tINLA féin leis an sos cogaidh i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta sa bhliain 1998.
Tharla uafás na hÓmaí i 1998 agus ionsaithe eile de chuid easaontóirí poblachtacha. Bhí an tIRA Sealadach agus na dílseoirí ón UVF, UDA agus RHC ciontach as eachtraí freisin.
Ó sin i leith, bhí cuid is mó den fhoréigean pharaimíleata dírithe ar an taobh istigh - mar shampla, in áit a bheith ag ionsaí na gCaitliceach, bhí na sceimhlitheoirí Protastúnacha, cuir i gcás, ag ionsaí Protastúnaigh, más Protastúnaigh den chineál "mhícheart" iad ar chúis éigin. D'éirigh ina chogadh dearg idir an UDA agus an UVF faoi dhó ón mbliain 2000 i leith. Thairis sin, bhí "briogáidirí" éagsúla an UDA ag cur cogaidh ar a chéile ó am go ham, ó theastaíonn ó gach duine acu an churadhmhír a fháil de bhrabús na coiriúlachta proifisiúnta a bhíonn idir lámhaibh ag na sceimhlitheoirí.
Ní raibh na hÓglaigh Phoblachtánacha chomh sáite céanna san fhaicseanaíocht eatarthu féin. Ach glactar leis gur mharaigh an 'Fíor IRA' Donncha Mac Dónaill, duine a d'admhaigh go raibh sé ag spiaireacht don Rialtas Briotanach sna 1980idí agus sna 1990idí.
Cuireadh i leith na Sealadach freisin go raibh siad ag imeaglú daoine agus, fiú, á marú ar chúiseanna pearsanta. Mar shampla, maraíodh fear óg darbh ainm Robert McCartney sa bhliain 2005, i ndiaidh achrainn i dteach tábhairne le daoine a bhí ina mbaill den IRA Sealadach.
Cé go bhfuil na sceimhlitheoirí éirithe as, a bheag nó a mhór, is iad na páirtithe is antoiscí a bhfuil ag éirí leo sna toghcháin ó síníodh an Comhaontú.
Cuireadh Feidhmeannas Thuaisceart Éireann agus Tionól Thuaisceart Éireann ar fionraí sa bhliain 2002, nuair a tháinig an scannal Stormontgate chun solais
Sa bhliain 2007, d'aontaigh Ian Paisley agus Gearóid Mac Ádhaimh rialtas comhchumhachta a chur ar bun.[9]
Níos deireanaí, bhaileodh Sinn Féin neart, gheobhadh siad an ceann is fearr ar an SDLP agus dhíreodh an páirtí ar a fheachtas uile-Éireann le dúil cumhacht a bheith acu thuaidh agus theas.
Chuir an tIRA Sealadach in iúl go raibh an chuid ba mhó dá gcuid arm tine díchoimisiúnaithe ó Lúnasa-Meán Fómhair 2005, agus nach raibh siad ábalta a thuilleadh oibríochtaí mórscála a chur i gcrích.
Is é Sinn Féin an páirtí is mó ar an taobh Caitliceach inniu, agus tá Páirtí Aontachtach Uladh níos laige ná an DUP (Páirtí Aontachtach Daonlathach). Thairis sin, níor bhain blianta na síochána mórán den tseicteachas, agus tá críochdheighilt na gceantar idir na Protastúnaigh agus na Caitlicigh fós ann.
Tá ábhar dúshláin nár comhlíonadh fós i bprionsabail agus in aidhmeanna eile an Chomhaontaithe: comhpháirtíocht, comhurraim agus comhionannas do chearta sibhialta, polaitiúla agus cultúir, saoirse ó leithcheal, athmhuintearas, agus fógairt chearta mhuintir an Tuaiscirt a bheith aitheanta mar a roghnaíonn siad mar Éireannaigh nó mar Bhriotanaigh.[10]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.