Seascann
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is seascann ann ná talamh fliuch faoi fhoraois.[1] Meastar gur criosanna trasdula iad seascainn mar tá ról ag talamh agus uisce araon i gcruthú na timpeallachta.[2] D'fhéadfadh fionnuisce, uisce goirt nó sáile a bheith sa seascann. Feictear seascainn fionnuisce ar bhruach aibhneacha nó lochanna móra, áit a mbíonn siad ag brath go mór ar uisce báistí agus ar thuilte séasúracha chun athruithe nádúrtha i leibhéal an uisce a chaomhnú.[2][3] Is in aice le haibhneacha móra ar nós an Amasóin, an Mississippi, agus an Congó a fhaightear cuid de na seascainn is mó ar domhan.[4] Feictear seascainn sáile ar chóstaí trópaiceacha agus fothrópaiceacha.[5]