Scéla Conchobair
gearrscéal sa Rúraíocht / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is teideal cumtha ag Whitley Stokes[1] é Scéala Chonchúir mhic Neasa (Sean-Ghaeilge Scéla Conchobair maic Nessa), le haghaidh scéil ghearr sa Rúraíocht atá caomhnaithe sa lámhscríbhinn den 12ú haois, an Leabhar Laighneach. Faightear ann seanchas nach bhfuil le fáil chuile áit eile maidir le craobhacha (hallaí) na nUladh ag Eamhain Mhacha agus a sciatha.