ollamh leis an bhfisic in Ollscoil British Columbia From Wikipedia, the free encyclopedia
Rugadh is tógadh an dochtúir Scott Oser sna Stáit Aontaithe, agus bhain sé dochtúireacht amach sa bhfisic i Chicago, áit ar fhoghlaim sé Gaeilge mar chaitheamh aimsire.
Beathaisnéis | |
---|---|
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Chicago |
Gníomhaíocht | |
Gairm | fisiceoir |
Fostóir | Ollscoil na Colóime Briotanaí |
Suíomh gréasáin | phas.ubc.ca… |
Bhain sé duais an Oireachtais in 2019, as a aistriúchán ar 'An Dhammapada: Nathanna an Bhúda'. Tá sé pósta le Rachel Hartman.
Tá an t-úrscéal 'Seraphina' le Rachel Hartman, bean chéile Scott, aistrithe go Gaeilge ag Scott agus d’fhoilsigh Coiscéim é sa bhliain 2021.[1][2]
Baineann a chuid taighde le fisic na gcaithníní fo-adamhacha, agus bhí ról nach beag aige sa Sudbury Neutrino Observatory, a bhfuair leath den Duais Nobel i 2015, as ascalaithe neoidríonónna a aimsiú. Tá Scott ina ollamh le fisic in Ollscoil na Colóime Briotanaí i gCeanada ó 2003.
Tá an damhna dorcha á lorg aige le cúig bliana anuas, ach tásc ná tuairisc air níl faighte aige fós.[3]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.