Neamhord meabhrach From Wikipedia, the free encyclopedia
Is galar millteach meabhrach é scitsifréine agus neamhord néarafhorbatha.[1][2] Is riocht athlastach é san inchinn ach níl tuiscint iomlán ar an gcúis [3]
Is iad na siomptóim a bhaineann léi, dímhothú, siabhráin, maolú mothúchán, glórtha inmheánacha á gcloisint, srl.
Tosaíonn an scitsifréine go minic nuair a bhíonn duine sna fíchidí.
Tagann ainm an ghalair ó dhá fhocal sa tSean-Ghréigis 'scitsi' (σχίζειν, "scoilt") agus 'fréin' (φρήν, φρεν-, " meabhair").
Cheaptaí fadó gur easpa cumarsáide sa teaghlach ba chiontach leis an scitsifréine. Ach is cinnte anois gur galar intinne í.[4]
Tá baint ag a lán cúinsí leis an ngalar, b'fhéidirː géinitic, cúram réamhbhreithe, tógáil, tosca timpeallachta agus saol uirbeach, bochtanas, caitheamh drugaí agus alcóil, agus mar sin de.[5] Tá níos mó fear buailte ná mná.
Uaireanta cuirtear síolta an ghalair le linn fás an fhéatais sa bhroinn, De réir mar a fhorbraíonn an féatas, fásann néaróga tríd an mbánábhar san inchinn, agus trí phláta fonéarógach idir an bánábhar is an liathábhar, chun ceangail a dhéanamh i liathábhar na coirtéise.
De ghnáth, bíonn cealla comharthaíochta sa phláta fo-néarógach a threoraíonn an fás seo, ach bíonn easpa cealla comharthaíochta i nduine le scitsifréine agus an-chuid néaróg míthreoraithe dá bharr.
Ní fios fós cad is ciontach leis an easpa seo. Ach de réir mar a chuirtear an tuiscint ar an ngalar iomlán seo chun cinn, tá súil ag na heolaithe gur féidir an féatas a chosaint ón easpa amach anseo.
Léiríonn an ghalar na hairí seo go coitianta;[6]
I gcás daoine a bhfuil bunfhadhbanna sláinte intinne acu, d'fhéadfaí go músclódh úsáid cannabais an scitsifréine.[7]
Buaileann scitsifréine timpeall 1% de dhaonra in Éirinn.
Deirtear uaireanta go bhfuil na hÉireannaigh sa dara háit, tar éis daoine dubha ón Chairib, ó thaobh scitsifréine de.[8] Ach níl sé sin fíor ar chor ar bith.[9]
Chum Eugen Bleuler an téarma 'scitsifréine' don ghalar intinne sa bhliain 1911 ("Néaltrú Praecox" an téarma go dtí an t-am sin). Thuig sé nach raibh néaltrú i gceist agus nár thosaigh sé sna hóig (Praecox) i gcónaí.
As Gréigis, ciallaíonn Schizo deighilt agus ciallaíonn Phrene intinn.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.