Saola
speiceas mamach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Ainmhí is ea an saola.[1] Cineál anatalóip atá ann agus é gaolta leis na daimh, ba, agus gabhair. Maireann an saola sna hardáin agus sna sléibhte in Oirthear na hInd-Síne, i Laos agus i Vítneam. Ní raibh aon eolas ar an saola (seachas ag daoine áitiúla) go dtí an bhliain 1993, nuair a rinneadh suirbhé in Anaclann (nó Tearmann) Dúlra Vu Quang. ("Damh Vu Quang" a thugtar air an saola freisin.) Fuarthas adharca an tsaola agus eolas faoi ó lucht an cheantair úd. Cé go bhfuil grianghraif de ann anois, níl an saola feicthe beo ag aon eolaí go dtí an lá inniu.
Fíricí Gasta Pseudoryx nghetinhensis, Stádas caomhnaithe ...
Pseudoryx nghetinhensis | |
---|---|
Stádas caomhnaithe | |
I mbaol criticiúil | |
UICN | 18597 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Mammalia |
Ord | Artiodactyla |
Fine | Bovidae |
Géineas | Pseudoryx |
Speiceas | Pseudoryx nghetinhensis |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Dún