Séamas Ó Lorcáin
polaiteoir agus ceardchumannaí Éireannach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Ceannaire agus gníomhaí ceardchumannach Éireannach ba ea Séamas Ó Lorcáin (21 Eanáir, 1874 - 30 Eanáir, 1947), nó James "Big Jim" Larkin, mar a thugtaí air as Béarla. Saolaíodh é i Learpholl, Sasana go thuistí Éireannach. Bhog an chlann go teachín bheag ins an Bhoirinn, i ndeisceart Contae an Dúin. Fuair sé fíor-bheagáin oideachas foirmeálta de bharr go raibh an chlann beo bocht agus thosaigh sé ag obair i roinnt postanna gan é ach paiste. Bhí sé mar eagraí ceardchumann lánaimseartha ó 1905 ar aghaidh.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 21 Eanáir 1876 Learpholl, England |
Bás | 30 Eanáir 1947 71 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon |
Teachta Dála | |
1 Iúil 1943 – 10 Bealtaine 1944 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 11ú Dáil Toghcheantar: Baile Átha Cliath Thoir Thuaidh Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1943 | |
Teachta Dála | |
Meitheamh 1937 – Meitheamh 1938 Téarma parlaiminte: 9ú Dáil | |
Teachta Dála | |
Meán Fómhair 1927 – Meán Fómhair 1927 Téarma parlaiminte: 6ú Dáil | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir, ceardchumannaí, stíbheadóir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí an Lucht Oibre (1941–) Páirtí Sóisialach Mheiriceá (1914–1919) Cumann Oibrí na hÉireann Páirtí Neamhspleách an Lucht Oibre |
Eile | |
Páiste | Séamas Ó Lorcáin, Óg |
Ciontaíodh i | criminal anarchy (en) (1920) |
Bhog Ó Lorcáin go Bhéal Feirste i 1907 agus bhunaigh sé Ceardchumann Iompair agus Ilsaothair na hÉireann, Páirty Lucht Oibre na hÉireann agus Cumann Oibrithe na hÉireann. Tá cáil ar de bharr Frithdhúnadh Mór Bhaile Átha Cliath 1913 den chuid is mó, tá cuimhne ag muintir Bhaile Átha Cliath ar Ó Lorcáin fós sa lá atá inniu ann.