Ríthe Éireann
any king who ruled in Ireland or part of Ireland / From Wikipedia, the free encyclopedia
Feictear an teideal Rí[1] i n-annála Gaelacha, gaolmhar le rígh as Gaeilge na hAlban, Reich as Gearmánais, rix as Gaillis, rex as Laidin, raja as Sanscrait.
Is féidir tíreolaíocht polaitiúil na hÉireann a rianú sách cruinn ón 6ú haois ar aghaidh. San aimsir úd, bhí an tír roinnte ina paistí tuath le hordlathas luaineach de thrí nó ceithre ghrád rí:
- rí beann (Sean-Ghaeilge rí benn) nó rí tuaithe[2]
- rí buíonta (Sean-Ghaeilge rí buiden[3]), rí tuath nó ruire (Sean-Ghaeilge ruiri[4]), mór-rí réigiúnach
- rí ruireach (Sean-Ghaeilge ri ruirech), go minic rí cúige (rí cóicid)
- ard-rí
Níorbh ach siombalach iad na gráid úd thar aon ní. Le himeacht ama, b'fhéidir é go raibh fíorchumhacht rí níos ísle mar ab ionann nó níos mó ná rí níos airde. Cuireadh ceangail ar ríthe ámh trí ghéillsine mhíleata agus íocaíocht chánach.