![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/9b/Ruth_Negga_2022_%2528cropped%2529.jpg/640px-Ruth_Negga_2022_%2528cropped%2529.jpg&w=640&q=50)
Ruth Negga
ban-aisteoir Éireannach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is aisteoir Aetópach-Éireannach í Ruth Negga (/ˈneɪɡə/; a rugadh ar an 7 Eanáir 1982)[1]. Tá rólanna glactha aici sna scannáin Capital Letters (2004) (a scaoileadh mar Trafficked i roinnt tíortha), Isolation (2005), Breakfast on Pluto (2005) agus Warcraft (2016), [2] agus ar teilifís chomh maith, mar shampla ar an mion-sraith Criminal Justice de chuid an BBC, Love/Hate ó RTÉ, Misfits de chuid E4, agus Marvel's Agents of S.H.I.E.L.D ar ABC. Ghlac sí an príomhról mar Tulip O' Hare i Preacher ar AMC sa bhliain 2016.
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 4 Bealtaine 1981 43 bliana d'aois Adas Ababa ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath British American Drama Academy (en) ![]() ![]() |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Aisteoireacht, scannán, teilifís agus amharclannaíocht |
Gairm | ban-aisteoir, aisteoir stáitse ![]() |
Tréimhse oibre | 2004 – |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Páirtí | Dominic Cooper ![]() |
Gradam a fuarthas
| |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Mar gheall ar a cuid oibre mar Mildred Loving sa scannán Loving (2016), ainmníodh Negga do na duaiseanna seo a leanas: Academy Award for Best Actress, Golden Globe Award for Best Actress in a Motion Picture - Drama, Independent Spirit Award for Best Female Lead, Critics' Choice Movie Award for Best Actress agus bhuaigh sí gradam Irish Film and Television Award (IFTA) don Aisteoir is Fearr, chomh maith leis an ngradam BAFTA Rising Star Award.