Ronnach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is iasc peiligeach é an ronnach[1] (maicréal i gCúige Mumhan nó murlas i gCúige Uladh, i dtuaisceart na Gaillimhe agus i Maigh Eo). Tá roinnt speiceas éagsúil den ronnach ann ach is é ronnach an Atlantaigh (Scomber scombrus) an ceann is coitianta a rugtar air timpeall chósta na hÉireann.
Fíricí Gasta Scomber scombrus, Stádas caomhnaithe ...
Scomber scombrus | |
---|---|
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 170354 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Actinopteri |
Ord | Scombriformes |
Fine | Scombridae |
Treibh | Scombrini |
Géineas | Scomber |
Speiceas | Scomber scombrus Linnaeus, 1758 |
Dún
Tá ronnach an Atlantaigh coitianta ar an dá thaobh de thuaisceart an Aigéin Atlantaigh. Bíonn ráthanna ronnach an-choitianta gar don chósta i rith an tsamhraidh, áit a bhíonn siad á bheathú féin ar éisc bheaga.