Stiúrthóir agus léiritheoir scannán Polannach é Roman Rajmund Polański a rugadh i bPáras na Fraince ar 17 Lúnasa 1933 do thuismitheoirí Polannacha. Chuaigh siad ar ais go dtí an Pholainn go gairid roimh thús an Dara Cogadh Domhanda. Cé gur de phór na nGiúdach a bhídís tháinig siad slán ón Uileloscadh. Thosaigh sé a ghairmréim leis an scannán Nóż w wodzie ("Scian san uisce") sa Pholainn sa bhliain 1962.
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Roman Polański |
Ainm sa teanga dhúchais | (fr) Roman Polanski |
---|
|
Breith | (fr) Raymond Thierry Liebling 18 Lúnasa 1933 91 bliana d'aois Páras, An Fhrainc |
---|
|
|
Uachtarán an Ghiúiré ag Féile Cannes |
---|
|
|
← Bernardo Bertolucci – Gérard Depardieu → |
|
|
|
Reiligiún | An Giúdachas |
---|
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Scoil Náisiúnta na Scannánaíochta in Łódź Jan Matejko Academy of Fine Arts in Krakow (en) |
---|
Teanga dhúchais | an Pholainnis agus an Fhraincis |
---|
Airde | 163 cm |
---|
|
Suíomh oibre | An Pholainn |
---|
Gairm | stiúrthóir scannán, aisteoir saincharachtair, aisteoir scannáin, stiúrthóir drámaíochta, stiúrthóir, scríbhneoir, léiritheoir scannáin, scríbhneoir scripte, aisteoir, leiritheóir |
---|
Tréimhse oibre | 1953 – |
---|
Ball de | |
---|
Seánra | Scannán uafáis, psychological horror film (en) , scéinséir, scannán drámaíochta, scannán cogaidh, scéinséir síceolaíoch, scannán mistéire, comedy horror film (en) agus scannán aicsin |
---|
Ainm cleite | Romek |
---|
Teangacha | Béarla, an Fhraincis agus an Pholainnis |
---|
|
Céile | Barbara Kwiatkowska-Lass (1959–1962), colscaradh Sharon Tate (1968–1969), bás a c(h)éile Emmanuelle Seigner (1989–) |
---|
Páiste | Paul Richard Polanski ( Sharon Tate) Morgane Polanski ( Emmanuelle Seigner) Elvis Polanski ( Emmanuelle Seigner) |
---|
Athair | Ryszard Polański agus Bula Liebling |
---|
Ciontaíodh i | statutory rape (en) |
---|
|
|
| Roman Polanski sexual abuse case (en)
|
|
|
Ainmnithe do - (2019) European Film Award for Best Screenwriter (en) , as a saothar An Officer and a Spy (en)
- (2019) European Film Award for Best Director (en) , as a saothar An Officer and a Spy (en)
- (2019) European Film Award for Best Film (en) , as a saothar An Officer and a Spy (en)
- (2012) European Film Award for Best Screenwriter (en) , as a saothar Carnage (en)
- (2010) European Film Award – People's Choice Award for Best European Film (en) , as a saothar The Ghost Writer (en)
- (2010) European Film Award for Best Director (en) , as a saothar The Ghost Writer (en)
- (2010) European Film Award for Best Screenwriter (en) , as a saothar The Ghost Writer (en)
- (2010) European Film Award for Best Film (en) , as a saothar The Ghost Writer (en)
- (2006) European Film Award – People's Choice Award for Best European Film (en) , as a saothar Oliver Twist (en)
- (11 Feabhra 2003) Duais an Acadaimh don stiúrthóir is fearr, as a saothar The Pianist (en)
- (2002) European Film Award for Best Director (en) , as a saothar The Pianist (en)
- (2002) European Film Award for Best Film (en) , as a saothar The Pianist (en)
- (17 Feabhra 1981) Duais an Acadaimh don stiúrthóir is fearr, as a saothar Tess (en)
- (24 Feabhra 1975) Duais an Acadaimh don stiúrthóir is fearr, as a saothar Chinatown
- (24 Feabhra 1969) Academy Award for Best Writing, Adapted Screenplay (en) , as a saothar Rosemary's Baby (en)
- Duais an Acadaimh don scannán is fearr, as a saothar The Pianist (en)
|
|
|
Dún
Faoin am chéanna, chuaigh sé go dtí an Fhrainc, áit a ndearna sé cúpla scannán, ach bhí sé barúlach nach raibh gnó na scannánaíochta sa tír sin fáilteach roimh scannánaí nua ón gcoigríoch, agus sa bhliain 1965, d'aistrigh sé go Sasana. Rinne sé scannáin ansin i gcomhoibriú leis an scriptscríbhneoir Francach Gérard Brach: Repulsion sa bhliain 1965, Cul-de-Sac sa bhliain 1966, agus The Fearless Vampire Killers sa bhliain 1967. Ina dhiaidh sin, chuaigh Polański go dtí na Stáit Aontaithe.
Ba é Rosemary's Baby an chéad scannán a stiúir sé thall ansin. Sa bhliain 1969, mharaigh Charles Manson agus a lucht leanúna Sharon Tate, an t-aisteoir óg mná a raibh Polański pósta uirthi ag an am. Ina dhiaidh sin, thréig Polański na Stáit Aontaithe go ceann tamaill, agus d'fhill sé ar an Eoraip. Chuaigh a leagan de thragóid Mhic Bheatha le William Shakespeare ar an scáileán sa bhliain 1971. Bhí na léirmheastóirí idir dhá chomhairle faoi chomh lán le foréigean a bhí an scannán, chomh maith leis an léiriú nua-aimseartha a bhí ag an stiúrthóir ar an dráma - léiriú a bhí go mór faoi thionchar an amharclannaí Pholannaigh Jan Kott agus a leabhair Szekspir współczesny ("Shakespeare comhaimseartha").
Rinne sé ionsaí gnéis ar pháiste 13 bliain d'aois i Los Angeles sa bhliain 1977.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |