From Wikipedia, the free encyclopedia
Is dráma traigéide leis an ndrámadóir clúiteach Sasanach, William Shakespeare, é Macbeth. Is é an traigéide is giorra agus is fuiltí dá chuid. Bhunaigh Shakespeare plota Macbeth go garbh ar rí stairiúil na hAlban, de réir an chuntais a thug Raphael Holinshed ar a shaol. Aithnítear go forleathan, áfach, go scinneann scéal an dráma i bhfad ón bhfírinne stairiúil.
Cineál | saothar drámaíochta |
---|---|
Údar | William Shakespeare |
Teanga | Nua-Bhéarla Moch agus Béarla |
Dáta a bunaíodh | 1606 |
Seánra | traigéide |
Gníomh | 5 |
Dáta foilsithe | 1623 |
Personatges | |
Carachtair | King Duncan (en) , Macbeth (en) , Lady Macbeth (en) , Banquo (en) , Macduff (en) , Lady Macduff (en) , Macduff's son (en) , Siward, Earl of Northumbria (en) , Young Siward (en) , Fleance (en) , Three Witches (en) , Malcolm (en) , Donalbain (en) , Ross (en) , Lennox (en) , Angus (en) , Menteith (en) , Caithness (en) , Seyton (en) , Hecate (en) , Captain (en) , Murderer Ι (en) , Murderer ΙΙ (en) , Murderer ΙΙΙ (en) , Porter (en) , Doctor Ι (en) , Doctor ΙI (en) agus Gentlewoman (en) |
Eile | |
Aitheantóir Theatricalia | c0k agus t |
|
Ní féidir a rá cén t-am go beacht a scríobhadh Macbeth, ós rud é gurb iomaí athrú agus leasú a rinne Shakespeare ar an téacs i ndiaidh an chéad leagan. Is iomaí saineolaí a shíleann gur chum an t-údar sna blianta 1603-1606 é, a bheag nó a mhór. Tá an chuma ar an scéal go raibh an dráma ceaptha le corónú an Rí Séamus a hAon a cheiliúradh, sa bhliain 1603 - ba de shliocht Banquo an Rí Séamus, de réir mar a chreid sé féin, ar a laghad - agus mar sin, is dócha nár cumadh an dráma roimh an mbliain sin. Tá siad ann freisin ar dóigh leo gur sa bhliain 1605 nó 1606 a tháinig Macbeth ar pár, ó aithníonn siad tagairtí do Chomhcheilg an Phúdair agus do na próiseanna dlí ina diaidh.
Sa bhliain 1925, d'fhoilsigh an Gúm leagan Gaeilge den dráma seo. S. Labhrás Ó Súilleabháin a d'aistrigh go Gaeilge é. Ní raibh an t-aistriúchán seo ar fáil le fada, ach sa bhliain 2007, tháinig leagan nua i gcló ó Choiscéim faoin teideal Traigéide Mhic Bheatha, agus é réitithe don fhoilsiú ag Nicholas Williams (féach thíos). D'fhéach Williams le hainmneacha na gcarachtar a Ghaelú, nó i ndiaidh an iomláin, tá an scéal suite in Albain nuair a bhí i bhfad níos mó Gaeilge (nó Gàidhlig) á labhairt sa tír sin ná Béarla (nó Albainis). Ainmneacha ab ea na bunleaganacha féin ar féidir an bunús Gaelach a aithint orthu faoi bhréagriocht an Bhéarla. Seo mar a d'ath-Ghaelaigh Williams cuid de na hainmneacha:
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.