![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/1/12/The_Progress_of_Love_-_The_Meeting_-_Fragonard_1771-72.jpg/640px-The_Progress_of_Love_-_The_Meeting_-_Fragonard_1771-72.jpg&w=640&q=50)
Rocócó
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tréimhse i stair na n-ealaíon díreach i ndiaidh na tréimhse barócaí déanaí in ealaín is dearadh Eorpach ab ea an Rocócó. Faoi bhláth sa bhFrainc is deisceart na Gearmáine timpeall 1700-1750, nuair a tháinig faisean nuachlasaiceach ina ionad, ag leathadh amach ón Róimh. Cé go raibh an Barócach drámata is cumasach galamaisíoch, rinne an Rocócó iarracht taitneamh is fíneáltacht a bhaint amach ar scála beag, le hiarmhairtí dromchlacha in ionad maiseanna dearfacha. Mar sin, bhain sé an rath is mó amach mar stíl mhaisiúcháin inmheánaigh, mar shampla i ndearthaí Pierre Lapautre (c 1648-1716), Gilles-Marie Oppenord (1672-1742), Nicolas Pineau (1684-1754), agus Juste Aurèle Meissonier (c 1693-1754). Ba é Watteau an péintéir cáiliúil Rocócó.[1]
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/1/12/The_Progress_of_Love_-_The_Meeting_-_Fragonard_1771-72.jpg/640px-The_Progress_of_Love_-_The_Meeting_-_Fragonard_1771-72.jpg)
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/c/c2/Gau1878.jpg/320px-Gau1878.jpg)