![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/0/03/RiccardoGiacconi.jpg/640px-RiccardoGiacconi.jpg&w=640&q=50)
Riccardo Giacconi
réaltfhisiceoir Iodálach-Mheiriceánach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Réaltfhisicí a rugadh i Genova na hIodáile ar 6 Deireadh Fómhair 1931 ach a chaith cuid mhaith dá shaolré sna Stáit Aontaithe is ea Riccardo Giacconi. Cheap sé scáthán nua i gcomhair teileascóp X-ghathach spáis i 1960, agus i 1962 d'aimsigh an chéad fhoinse X-ghathanna taobh amuigh den Ghrianchóras (an réalta Scorpius-X) is léirigh an radaíocht cúlra ó thaobh amuigh dár réaltra. Thóg a ghrúpa an chéad bhrathadóir satailíte X-ghathanna a d'imfhithisigh an Domhan. Leag sé amach bunús na réalteolaíochta X-ghathaí. Le Raymond Davis is Masatoshi Koshiba, bhuaigh sé Duais Nobel na Fisice i 2002 as an saothar seo. Fuair sé bás ar 9 Nollaig 2018 in San Diego, California.[1]
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Dún