Rhys Ifans
aisteoir agus ceoltóir Breatnach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is aisteoir agus amhránaí Breatnach é Rhys Ifans (rugadh Rhys Owain Evans: 22 Iúil 1967 [1]). Rugadh é in Hwlffordd, Sir Benfro, bhog an teaghlach go Rhuthun i Sir Ddinbych,[2] áit a bhfuair sé a bhunoideachas i Ysgol (Scoil) Pentrecelyn agus a chuid meánscolaíochta i Ysgol Maes Garmon, yr Wyddgrug. Bhí a mháthair, Beti Wyn, ina múinteoir naíscoile i nDinbych go dtí go ndeachaigh sí ar scor ag deireadh na 90idí agus bhí a athair Eurwyn ina bhunmhúinteoir i mBwcle.[3][4] Bhí a athair ina bhall de Chuideachta Drámaíochta John Owen i Rhuthun agus bhí Rhys mar phrintíseach ar a athair. Bhí an deis aige freisin ag aois óg gníomhú ag Theatr Clwyd, Yr Wyddgrug. Tá a dheartháir níos sine Llŷr Ifans ina aisteoir freisin.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Rhys Owain Evans 22 Iúil 1967 57 bliana d'aois Hwlffordd, Wales |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Guildhall School of Music and Drama (en) Ysgol Maes Garmon |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aisteoir stáitse, aisteoir teilifíse, aisteoir, aisteoir scannáin, ceoltóir |
Tréimhse oibre | 1990 – |
Seánra | Coiméide agus méaldráma |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Páirtí | Sienna Miller Anna Friel (2011–) |
Siblín | Llŷr Ifans |
Gradam a fuarthas
| |
|
Is Breatnaiseoir ó dhúchas é, bhí sé le feiceáil i réimse clár teilifíse Breatnaise, mar shampla Swig o ..., Sdwnsh, Mwy Na Phapur Newydd agus Pobl y Chyff de chuid S4C sular thug sé faoi ghairm bheatha i dtionscal na scannán idirnáisiúnta.
I Meán Fómhair 2012 ceapadh é mar Uachtarán Oinigh (patrún) ar 'Cymdeithas Wici Cymru' (Cumann Vici na Breataine Bige).