Reichstag (foirgneamh)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá Foirgneamh an Reichstag (Gearmáinis: Reichstagsgebäude) i mBeirlín na Gearmáine. Tógadh é mar áit chruinnithe do dhiat impiriúil, nó parlaimint, na tíre úd. Ba é Reichstag ainm dhiat na Gearmáine san am atá thart agus tugadh "Reichstag" ar an bhfoirgneamh féin chomh maith. Leanadh den ainm sin i ndiaidh don diat Ghearmánach féin a bheith aistrithe go háiteanna eile.
Reichstag | ||||
---|---|---|---|---|
Lipéad sa teanga dhúchais | (de) Reichstagsgebäude | |||
Sonraí | ||||
Cineál | Foirgneamh rialtais agus díol spéise do thurasóirí | |||
Ailtire | Paul Wallot Norman Foster | |||
Foirgníocht | 1894 | |||
Dáta na hoscailte oifigiúla | 1894 | |||
Croineolaíocht | ||||
9 Meitheamh 1884 | start of manufacturing (en) | |||
27 Feabhra 1933 | dóiteán | |||
1960í | athfhorbairt, Ailtire: Paul Baumgarten | |||
1991 – 1999 | athfhorbairt, Ailtire: Norman Foster | |||
Tréith | ||||
Stíl ailtireachta | Renaissance Revival architecture (en) ailtireacht nua-aimseartha: athchóiriú | |||
Déanta as | aolchloch, gaineamhchloch agus eibhear | |||
Tomhas | 47 () m | |||
Achar dromchla | 13,291 m² | |||
Architrave (en) [[File:Noun Project label icon 1116097 cc mirror.svg | ||||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Beirlín-Mitte, An Ghearmáin agus Beirlín, An Ghearmáin | |||
Suíomh | Tiergarten | |||
| ||||
Le cuid | Reichstag dome (en) | |||
Architectural heritage monument (en) | ||||
Bonnchló | ||||
Gníomhaíocht | ||||
Sealbhóir | German Bundestag (en) (1999) Federal Convention (en) (1994) Reichstag (1871–1918) Reichstag (1918–1933) Reichstag (en) (1933–1945) | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | bundestag.de | |||
Cuireadh tús le comórtas lena thógáil 1872, go gairid i ndiaidh aontú na Gearmáine sa bhliain roimhe sin. Osclaíodh an foirgneamh sa bhliain 1894 agus tháinig an Diat le chéile ann go 1933, nuair a rinne dóiteán cáiliúil na bliana úd an-damáiste dó, mar a rinneadh arís eile sa Dara Cogadh Domhanda. Ligeadh i léig é i ndiaidh 1945, agus parlaimintí na Geamáine Thiar agus na Gearmáine Thoir ina suí i mBonn agus i mBeirlín Thoir faoi seach.
Cosnaíodh an Reichstag ar an aimsir agus cuireadh caoi áirithe air sna blianta 1961–1964. Mar sin féin, ní dhearna aon iarracht athchóiriú iomlán a dhéanamh go dtí athaontú na Gearmáine ar 3 Deireadh Fómhair 1990. Faoi stiúradh Norman Foster, ailtire, cuireadh caoi cheart air. Agus an athchóiriú críochnaithe sa bhliain 1999, baineadh úsáid as an bhfoirgneamh arís do pharlaimint na Gearmáine, ar a dtugtar an "Bundestag". Inniu, tugann na Gearmánaigh Reichstag ar an bhfoirgneamh agus Bundestag ar an bparlaimint de ghnáth.