![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/a/a3/Puffin002.jpg/640px-Puffin002.jpg&w=640&q=50)
Puifín
speiceas éan / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éan mara é an puifín, nó an t-éan dearg.[1] Tá ceithre speiceas ann (trí cinn atá beo) sa ghéineas Fratercula, laistigh den fhine Alcidae (na falcóga). An gob mór domhain ildaite. Itheann sé éisc óga is corra gainimh, agus neadaíonn i dtochailt nó scoilt carraige.[2]
Fratercula ![]() | |
---|---|
![]() ![]() | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Aves |
Ord | Charadriiformes |
Fine | Alcidae |
Géineas | Fratercula ![]() Brisson, 1760 |
Tá puifíní le fáil ar fud an Atlantaigh Thuaidh. Póraíonn an puifín Atlantach i Québec, an Íoslainn, an Iorua, an Ghraonlainn, Talamh an Éisc agus Labradar, Albain Nua agus Oileáin Fharó, agus chomh fada ó dheas le Maine san iarthar agus sa Fhrainc san oirthear. Tá laghdú suntasach tagtha ar an daonra, b’fhéidir mar gheall ar laghdú i líon na n-eascanna gainimh. In Éirinn, tá siad le fáil ar an gcósta thiar agus thuaidh. Phóraigh siad níos fairsinge roimhe seo. Itheadh puifíní ar na Blascaodaí sna seanlaethanta.[3]