Prótacail Sheanóirí Shión
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá i gceist le Prótacail Sheanóirí Shión (Prótacail Shinsir Shión scaití) ná paimfléad frith-Ghiúdach a thugann cur síos ar an "gcomhcheilg dhomhanda Ghiúdach". Tá na Prótacail bunaithe ar mhiotais fhrith-Ghiúdacha a bhí ann roimh ré, ach thairis sin tarraingíonn siad ar fhoinsí liteartha éagsúla: Dialogue aux enfers entre Machiavel et Montesquieu ("Agallamh Beirte Machiavelli agus Montesquieu in Ifreann") le Maurice Joly, Les Mystères du Peuple ("Mistéirí an Náisiúin") agus Le Juif errant ("An Giúdach Fáin") le hEugène Sue agus Biarritz le Hermann Goedsche. San úrscéal le Goedsche a tháinig na "seanóirí Giúdacha" le chéile leis an gcomhcheilg a chur ar bun, agus is as sin a fuarthas an bunsmaoineamh. Úrscéalta lónléitheoireachta a bhí i gceist le saothair an Fhrancaigh Sue agus an Ghearmánaigh Goedsche, agus ba aoir é saothar Joly nach raibh dírithe ar na Giúdaigh ar aon nós. Foilsíodh úrscéal Goedsche sa bhliain 1868, agus is ina dhiaidh sin a cuireadh na leaganacha éagsúla de na Prótacail i gcló.
(ru) Програма завоевания мира евреями (fr) Les Protocoles des Sages de Sion | |
---|---|
Cineál | saothar scríofa, antisemitic trope (en) , literary forgery (en) agus dallamullóg |
Cárta innéacs | |
Údar | Matvei Golovinski (en) |
Teanga | an Rúisis agus an Fhraincis |
Foilseachán | Impireacht na Rúise , Impireacht na Rúise, 1903 |
Foilsitheoir | Znamya (en) agus Pavel Krushevan (en) |
Tréith | |
Príomhábhar | Jewish conspiracy theory (en) agus international Jewish conspiracy (en) |
Seánra | antisemitic trope (en) |
Cuid den tsraith | |
Cuid de | Frith-Sheimíteachas |
Ní fios cé a chum an chéad leagan de na Prótacail, nó bhí leaganacha éagsúla á bhfoilsiú i ndeireadh na naoú haoise déag, ach tháinig an leagan is coitianta ó pheann Sergey Nilus sa bhliain 1905. Misteach reiligiúnach agus fear mór frith-Ghiúdachais a bhí ann agus é ag obair do sheirbhís rúnda Impireacht na Rúise. Foilsíodh na Prótacail mar aguisín don leabhar Velikoye v malom i Antikhrist kak blizkaya politicheskaya vozmozhnost´ ("An Mórán sa Bheagán agus Ainchríost mar fhéidearthacht chóngarach pholaitiúil") le Nilus.