![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/5a/PositronDiscovery.png/640px-PositronDiscovery.png&w=640&q=50)
Posatrón
From Wikipedia, the free encyclopedia
Cáithnín bunúsach a bhfuil an mhais is an ghuairne chéanna aige is atá ag an leictreon, ach a bhfuil a lucht, atá ar aon mhéid le lucht an leictreoin, ina lucht dearfach. Mar sin, is frithleictreon é le siombail e+. An fisicí Meiriceánach Carl Anderson is an fisicí Briotanach Patrick Blackett (1897-1974) a d'fhionn é i 1932 ina dtaighde le néalsoitheach ar ghathanna cosmacha. Díothaíonn leictreon is posatrón a chéile chun gáma-ghathanna a chruthú. Astaíonn foinsí radaighníomhacha ar leith é (mar shampla, sóidiam-22). Úsáidtear posatróin sa chóras íomháithe, tomagrafaíocht astú posatrón, an mhíochaine, agus staidéir ar airíonna leictreonacha solad.[1]
Fíricí Gasta Rangú, idirghníomhaíochtaí ...
![]() | |
Rangú | frithleaptón agus cáithníní bunúsacha ![]() |
---|---|
idirghníomhaíochtaí | imtharraingt, idirghníomhú leictreamaighnéadach agus idirghníomhú lag ![]() |
Frithcháithnín | leictreon ![]() |
Fionnachtain | 1932 ![]() |
Lucht leictreach | 1 ![]() |
Guairne | 0.5 ![]() |
Uimhir Monte Carlo | -11 ![]() |
Dún