![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/22/Hypercube.svg/langga-640px-Hypercube.svg.png&w=640&q=50)
Polatóp
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sa mhatamaitic, analóg cheathairthoiseach an pholaihéadróin. Le gach pointe i spás déthoiseach, dís uimhreacha a chuirtear leis (x, y). I gcás pointe ar spás tríthoiseach, cuirtear trírín uimhreacha leis (x, y, z). Sa mhodh céanna, seans gur féidir pointe i spás n-thoiseach a lua le tacar uimhreacha (x1, x2, x3,... xn). I bpolatóip rialta bíonn polaihéadróin rialta thríthoiseacha mar aghaidheanna acu. Bíodh is gur cruthaíodh nach bhfuil ach 5 pholaihéadrán rialta sa spás tríthoiseach, cruthaíodh go bhfuil 6 pholatóp rialta i spás ceathairthoiseach is 3 pholatóp rialta i spás cúigthoiseach.[1]
Fíricí Gasta Cineál, Grua an pholatóip ...
![]() | |
Cineál | cruth geoiméadrach ![]() |
---|---|
Grua an pholatóip | polatóp () ![]() |
Tuilleadh eolais | |
MathWorld | Polytope ![]() |
Dún