![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/c/c2/01_khafre_north.jpg/640px-01_khafre_north.jpg&w=640&q=50)
Pirimid
struchtúr ailtireachta / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is struchtúr ailtireachta ar bhun triantánach, ceamach nó polagónach, le taobhanna triantánacha a dtagann a dtaobhanna le chéile ag pointe buaice, is ea pirimid.[1]
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/c/c2/01_khafre_north.jpg/640px-01_khafre_north.jpg)
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/98/PyramidOfTheMoonTeotihuacan.jpg/640px-PyramidOfTheMoonTeotihuacan.jpg)
San ailtireacht Éigipteach, is séadchomhartha tuamúil an phirimid ar bhun ceamach. Is iad na pirimidí is cáiliúla pirimidí an 4ú ríora ar ardchlár Giza gar do Chaireo na hÉigipte. Tá Pirimid Mhór Chéaps (c 2589-66 RC) 146 rn ar airde, ar bhun ceamach le taobhanna 230 m, tógtha le 2.5 milliún bloc aolchloiche, gach ceann 2.5 tonna meáchain.[2]
San ailtireacht réamhCholómach i Meiriceá Theas, is cnoc saorga le barr cothrom í.