From Wikipedia, the free encyclopedia
Banna rac-cheoil as Cambridge Shasana is ea Pink Floyd, ceann de na bannaí ba mhó sa domhan, go hairithe sna 1970í agus na 1980í. Ba iad Roger Waters agus David Gilmour na príomhchumadóirí.
Ar an 5 Lúnasa 1967, tháinig Pink Floyd ar an bhfód leis an albam, The Piper at the Gates of Dawn. Bhí ard-mholadh as a nuálaíocht ag an am, mar shampla "Bike".[1]
Bhain Pink Floyd clú is cáil idirnáisiúnta amach leis na halbaim choincheapa The Dark Side of the Moon (1973),[2] Wish You Were Here (1975), Animals (1977), The Wall (1979), agus The Final Cut (1983).
Faoi na 1980idí luatha, bhí siad ar cheann de na bannaí is mó díol i stair an cheoil; faoi 2012, bhí níos mó ná 250 milliún taifead díolta acu ar fud an domhain, 75 milliún sna Stáit Aontaithe amháin.
D´fhág Syd Barrett an banna in 1968 de dheasca drochshláinte mheabhrach, agus d'fhág Waters in 1985.
Lean an grúpa ar aghaidh, áfach. Tháinig na baill go léir (ach amháin Barrett) le chéile i samhradh 2005 chun cúpla amhrán a chasadh ag Live8.[3]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.