![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/53/Vicia_orobus1_eF.jpg/640px-Vicia_orobus1_eF.jpg&w=640&q=50)
Peasair
géineas plandaí / From Wikipedia, the free encyclopedia
Grúpa mór plandaí bliantúla is ilbhliantúla, go minic dreapairí nó crúbadaigh, dúchasach do na réigiúin mheasartha thuaidh is Meiriceá Theas. Tugtar peasair[1] nó pis capaill orthu i nGaeilge. Na duilleoga cleiteach le duilleoigíní caola a chríochnaíonn i dteannóga; na pisbhláthanna aonarach nó i mbláthraí beaga nó fada spíceacha ag teacht amach as ascaillí na nduilleog; na cochaill leata, ag scoilteadh ar a bhfad in dhá chomhla. Gan tábhacht eacnamaíoch de ghnáth, uaireanta ina lotnaid don talmhaíocht. Saothraítear saghas coitianta amháin atá dúchasach don Eoraip, tuaisceart na hAfraice is réigiúin den Áise, a bhfuil bláthanna corcra uirthi, go forleathan mar fhoráiste d'ainmhithe.[2]
Fíricí Gasta Vicia, Tacsanomaíocht ...
Vicia ![]() | |
---|---|
![]() Vicia orobus ![]() | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Fabales |
Fine | Fabaceae |
Fofhine | Faboideae |
Géineas | Vicia ![]() L., 1753 |
Cineál tacsanomaíoch | Vicia sativa ![]() |
Dún