scríbhneoir agus aistritheoir Fionlannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá Panu Petteri Höglund (17 Mí na Samhna 1966 a rugadh é) ina ghníomhaí teanga agus litríochta de chuid na Gaeilge agus teangacha eile. Fionlannach ó dhúchas é, ach baineann cuid dá mhuintir leis an mionlach Sualannach, agus é féin ag glacadh páirt ghníomhach i saol cultúrtha an mhionlaigh.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 17 Samhain 1966 57 bliana d'aois Kalvola, An Fhionlainn |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Åbo Akademi |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aistritheoir |
Teangacha | An Ghaeilge agus an Fhionlainnis |
In Kalvola in aice le Hämeenlinna na Fionlainne a rugadh é, ach is in Varkaus in oirthear na Fionlainne a chaith sé a óige. Chaith sé roinnt blianta ag staidéar ceimice; ina dhiaidh sin, rinne sé staidéar ar an léann Gearmánach, Polannach agus Rúiseach in ollscoil Åbo Akademi ina thír féin go dtí gur bhain sé amach céim M.A. sa bhliain 1997.
Aistritheoir gairmiúil atá ann. Tá Fionlainnis, Sualainnis, Gearmáinis, Polainnis, Íoslainnis, Gaeilge, Rúisis agus Béarla aige, agus Fionlainnis curtha aige ar cheithre úrscéal Íoslainnise le hEinar Kárason.
D'fhoghlaim sé an Ghaeilge as a stuaim féin agus tá an-eolas ar litríocht agus ar chanúint Chúige Uladh aige. Tá suíomh idirlín fairsing ilteangach aige ina gcuireann sé cúis na Gaeilge chun cinn. Chomh maith lena chuid aistí faoi stair agus litríocht na Gaeilge tá úrscéal Tachtaimis an Grá Sin, gearrscéalta, cuimhní cinn, aistriúcháin agus aistí i dteangacha éagsúla scríofa aige. I Mí na Samhna, 2009, tháinig an t-úrscéal agus trí ghearrscéal i gcló faoi chlúdach aon leabhar amháin, Sciorrfhocail[2].
Bhí an-bhaint aige leis an bhfeachtas poiblíochta chun stádas oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.