From Wikipedia, the free encyclopedia
Dhearbhaigh rialtas na Seapáine an chéad chás de COVID-19 sa tír ar an 16 Eanáir 2020.[1] Faoi 20 Iúil 2021, bhí 844,014 cás agus 15,060 bás dearbhaithe ag an rialtas. Ina theannta sin, tá biseach ar 801,337 daoine.[2]
| ||||
Cineál | ráig ghalair de COVID-19 staid éigeandála staid éigeandála staid éigeandála staid éigeandála staid éigeandála staid éigeandála | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | COVID-19 pandemic by country and territory (en) agus COVID-19 pandemic in Asia (en) | |||
Tréimhse | 16 Eanáir 2020 - | |||
Suíomh | an tSeapáin, An tSeapáin | |||
Tír | an tSeapáin | |||
Cúis | COVID-19 | |||
Tabular case data (en) | Liosta | |||
Organized response related to outbreak (en) | 2020 Japan COVID-19 closing of educational institutions (en) | |||
Croineolaíocht | ||||
Amabie Challenge (en) | ||||
Haischlib | #CoronaVirusJapan |
Ar an 30 Eanáir, bunaíodh Ceanncheathrú Freagartha Úrscéal Coróinvíreas sa tSeapáin dul i ngleic leis an gcoróinvíreas.[3]
Ar an 27 Feabhra, dúnadh scoileanna timpeall na tíre go dtí deireadh mhí an Mhárta.[4]
Ar an 13 Márta, d'achtaigh reachtaíocht nua sa tSeapáin maidir leis an gcoróinvíreas. Bhí Shinzō Abe in ann staid éigeandála a fhógairt.[5] Ar an 24 Márta, fógraíodh go gcuireadh na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo ar ceal go dtí an bhliain seo chugainn.[6]
Ar an 7 Aibreán, d'fhógair Shinzō Abe staid éigeandála le haghaidh seacht maoracht go dtí 6 Bealtaine, Tóiceo, Kanagawa, Saitama, Chiba, Hyōgo, Ósaca agus Fukuoka.[7] Faoi 16 Aibreán, bhí an staid éigeandála i bhfeidhm i ngach maoracht timpeall na Seapáine.[8]
Ar an 4 Bealtaine, leathnóidh an staid éigeandála go dtí deireadh mhí na Bealtaine.[9] Áfach, chríochnaigh an staid éigeandála i 39 maoracht ar an 14 Bealtaine.[10] Chomh maith leis sin, chríochnaigh sé i Hyōgo, Ósaca agus Kyōto ar an 21 Bealtaine,[11] agus chríochnaigh sé sna 5 maoracht eile faoi 25 Bealtaine.[12]
Ar an 19 Meitheamh, ceadaíodh muintir na Seapáine dul ag taisteal lasmuigh dá maoracht.[13]
I mí Iúil, bunaíodh "Go To", feachtas a cabhraíonn le earnáil na turasóireachta sa tSeapáin le linn na paindéime. Ar an 16 Iúil, fógraíodh nach mbeidh Tóiceo cuid den feachtas, mar gheall ar imní faoi scaipeadh an choróinvíris ó saineolaithe leighis.[14] Cuireadh Tóiceo san áireamh san fheachtas ar an 18 Meán Fómhair.[15]
Ar an 31 Iúil, cuireadh staid éigeandála i bhfeidhm an athuair ar feadh coicíse i Okinawa i ndiaidh méadú ar líon na gcásanna.[16] Leathnaíodh agus leathnaíodh an staid éigeandála ina dhiaidh sin go dtí 5 Meán Fómhair ar a laghad.[17][18] Cuireadh staid éigeandála i bhfeidhm an athuair i Aichi freisin le linn an tseachtain seo chugainn, ó 6 Lúnasa go dtí 24 Lúnasa.[19]
Ar an 24 Samhain, caitheadh amach as "Go To" Ósaca agus Sapporo.[20] Ar an 25 Samhain, mhol gobharnóir Thóiceo Yuriko Koike bialanna agus beáir a dhúnadh faoi 22:00 i ndiaidh méadú ar líon na gcásanna de COVID-19 ar fud na tíre.[21]
Ar an 14 Nollaig, fógraíodh go gcuirfidh "Go To" ar fionraí ar feadh coicíse ar fud na tíre, ó 28 Nollaig go dtí 11 Eanáir 2021.[22] Leathnaíodh an fionraíocht go dtí go bhfógrófar a mhalairt.[23]
Ar an 7 Eanáir, d'fhógair príomh-aire na Seapáine Yoshihide Suga go mbeidh staid éigeandála i bhfeidhm arís i dTóiceo, Kanagawa, Saitama agus Chiba ar feadh míosa.[24] Ar an 13 Eanáir, fógraíodh go mbeidh staid éigeandála i bhfeidhm i 7 maoracht eile sa tír, Tochigi, Gifu, Aichi, Kyoto, Ósaca, Hyōgo, agus Fukuoka.[25]
Ar an 2 Feabhra, fógraíodh go leathnaíodh an staid éigeandála ar feadh míosa, ach níor cuireadh Tochigi san áireamh.[26] Thosaigh an clár vacsaíne sa tSeapáin ar an 17 Feabhra.[27] Ar 26 Feabhra, fógraíodh go gcríochnóidh an staid éigeandála i Ósaca, Hyōgo, Kyoto, Aichi, Gifu agus Fukuoka ón 1 Márta.[28]
Tháinig an cheathrú tonn de COVID-19 i mí Aibreáin.[29] Fógraíodh an tríú staid éigeandála i dTóiceo, Ósaca agus dhá maoracht eile ar 23 Aibreán chun cabhrú stad a chur ar scaipeadh an coróinvíreas.[30]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.