Píotsa
From Wikipedia, the free encyclopedia
Arán cothrom réidh is ea an píotsa[1][2] (Iodáilis: pizza) a gcuirtear táthchoda éagsúla sa mhullach air, cosúil le glasraí, feoil, iasc nó beacáin, in éineacht le trátaí, cáis agus spíosraí éagsúla. Tháinig an píotsa ón Iodáil, agus dealraíonn sé go n-itheadh na sean-Rómhánaigh féin arán a bhí cosúil leis an bpíotsa. Is léir nach raibh trátaí ar fáil san am sin, toisc gurb as an Oileán Úr a tháinig an tráta.
Bunús | |
---|---|
Tír dhúchais | an Iodáil |
Gastranómachais | bia na hIodáile |
Sonraí | |
Cineál | bia saoráideach, táirge deiridh, arán leathan, píotsaí agus casaróil agus sneaic |
Múnlán | diosca agus dronuilleog |
Príomh-chomhábhair | anlann trátaí, plúr, mozzarella, ola, salann, siúcra, uisce, bell pepper (en) agus baker's yeast (en) |
San Iodáil, b'é an píotsa príomhbhia na ndaoine bochta sa naoú haois déag, agus ba le Napoli thar aon áit eile a samhlaíodh é. Shroich an píotsa Meiriceá i ndeireadh na naoú haoise déag, nuair a bhí na mílte Iodálaigh ag dul ar imirce agus ag cur fúthu sna Stáit Aontaithe, agus iad ag tabhairt a gcuid bia leo, ar ndóigh. Níor thug na sluaite síoraí taobh amuigh de na pobail Iodálacha i Meiriceá taithneamh don phíotsa ach i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, áfach. Na saighdiúirí Meiriceánacha a bhí ina n-arm forghabhála san Iodáil i ndeireadh an chogaidh, ní raibh siad sásta le bia an airm, agus b'fhearr leo dul ar lorg an bhia áitiúil Iodálaigh - agus is é an píotsa an cineál bia ba réidhe a bhí ar fáil. Nuair a d'fhill siad abhaile, lean siad leo ag ithe píotsaí, agus de réir a chéile, tháinig borradh mór ar an bpíotsadóireacht mar ghnó. Sa deireadh, scaip an píotsa ar fud an domhain le cuidiú na sreangshiopaí mearbhia Meiriceánacha.