speiceas mamach From Wikipedia, the free encyclopedia
Is Mamach é an t-ollphanda (tugtar panda air de ghnáth); saghas béir atá ann, gaolta le racúin. Tá pandaí dúchasach don tSín agus is siombal idirnáisiúnta den tír iad.
Ailuropoda melanoleuca | |
---|---|
Sonraí | |
Tréimhse iompair | 130 laethanta |
Príomhfhoinse bia | bambú |
Tréimhse saoil is faide | 36.8 bliain |
Gnáthóg | foraois |
Mais | 104 g 117.5 kg (meáchan fásta) |
Meánlíon in ál | 1.5 |
Stádas caomhnaithe | |
Leochaileach | |
UICN | 712 |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Mammalia |
Ord | Carnivora |
Fine | Ursidae |
Géineas | Ailuropoda |
Speiceas | Ailuropoda melanoleuca (David, 1869) |
Ainmníocht | |
An chéad ainm Laidine a bhí air | Ursus melanoleucus |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Ceantair eindéimeacha |
Is ón tSín an t-ollphanda atá cosúil le béar, le ceann mór cruinn, bán ach na cosa, na guaillí, an cliabhrach, na cluasa, is fáinne mórthimpeall na súl dubh.
Ar na lapaí tosaigh tá cnámh fhadaithe rosta a fheidhmíonn mar 6ú méar: beireann sé greim ar phéacáin bambú leis an ordóg breise seo is an dá mhéar thosaigh eile.
Áitríonn an panda foraoisí bambú sna sléibhte.
Dhá speiceas atá ann. Tá an panda rua nó an panda beag ann freisin, dúchasach do dheisceart na Síne is tuaisceart Bhurma.
I 2005 fuair an panda fathach gafa is sine, Mei Mei, bás i zú i nGuilin i ndeisceart na Síne ag 36 bliain d'aois.[1]
In 2024, d’admhaigh zú Síneach gur “madraí péinteáilte” a bhí sna pandaí ina chuid foilseán. Thuig cuairteoirí ag Zú Shanwei gur cuireadh dallamullóg orthu nuair a thosaigh na pandaí, mar a thugtar orthu, ag tafann. Tar éis do chuairteoirí an cleas a phoibliú ar na meáin shóisialta, d'admhaigh na heagraithe go raibh dhá chow chow péinteáilte acu - pór madraí clúmhach ó thuaisceart na Síne ó dhúchas - le marcálacha panda dubh agus bán. Ó shin i leith, d'éiligh cuairteoirí a gcuid airgid ar ais mar gheall ar an bhfógraíocht bhréagach.[2][3]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.