Oilibhéar Pluincéad
ardeaspag agus naomh Éireannach (1629-1681) / From Wikipedia, the free encyclopedia
Bhí Naomh Oilibhéar Pluincéad (1 Samhain 1629 – 1 Iúil 1681) mar ardeaspag Ard Mhacha agus Príomháidh na hEaglaise Caitlicí in Éirinn. Bhí sé ag obair fad is a bhí na Sasanaigh ag iarraidh Caitlicigh a chur faoi chois.
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Samhain 1629 Loch Craobh |
Bás | 1 Iúil 1681 (Iúlach) 51 bliana d'aois Londain |
Siocair bháis | Pionós an bháis (Crochadh, tarraingíodh, dícheannadh, agus rinneadh ceathrúna de/di) |
Áit adhlactha | St. Peter's Roman Catholic Church, Drogheda (en) |
Ard-Easpag Caitliceach Ard Mhacha | |
1 Nollaig 1669 (Iúlach) – ← Edmund O'Reilly (en) – Dominic Maguire (en) → Deoise: Ard-Deoise Ard Mhacha | |
Catholic metropolitan archbishop (en) | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | sagart Caitliceach (1654–), Ard-easpag Caitliceach (1654 (Iúlach)–), deagánach Caitliceach (1653–) |
Tréimhse ama | Glúin an 17ú aois |
Coisreacan | Eugeen Albert d'Allamont (en) |
Ardú | |
| |
Lá féile | 1 Iúil |
Suíomh gréasáin | saintoliverplunkett.com |
Dún
Gabhadh é ar deireadh agus cuireadh os comhair na cúirte é agus ardtréas curtha ina leith. Cuireadh chun báis é nuair a ciontaíodh é go héagórach as an gcoir seo. Crochadh é agus gearradh a chorp ina phíosaí ag Tyburn ar 1 Iúil 1681. Bhí sé ar an mairtíreach Caitliceach deireanach a cuireadh chun báis i Sasana.
Bheannaigh an Eaglais Chaitliceach Oilibhéar Pluincéad sa bhliain 1920 agus rinneadh naomh de in 1975.[1] Bhí sé ar an gcéad naomh Éireannach nua le seacht gcéad bliain anuas.