Coir
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sa ghnáthchaint, is éard is coir nó coirpeacht - nó coiriúlacht nó coireacht i dtéarmaí ginearálta - ann ná gníomh neamhdhleathach is inphionóis faoi ghnáth dhlíthe stáit nó údaráis eile.[1]
Ní sainmhíniú simplí a nglactar go huilíoch leis sa dlí coiriúil nua-aimseartha don téarma "coir" ,[2] cé go raibh sainmhínithe reachtúla curtha ar fáil chun críocha áirithe.[3]
Is í an bharúil is coitianta ná an tuairim gur chatagóir is ea coir a cruthaíodh de réir an dlí; i bhfocail eile, tá rud éigin ina coir má tá sí dearbhaithe mar san dlí ábhartha agus infheidhme sa dhlí.
Moladh mar sainmhíniú go bhfuil coir nó cion (nó cion coiriúil) ina gníomh díobhálach ní hamháin don duine aonair nó daoine aonara ach freisin don phobal, sochaí nó don stát ("éagóir phoiblí"). Bíonn gníomhartha den sórt seo toirmiscthe agus ina cion is inphionóis faoi dhlí.[4]