From Wikipedia, the free encyclopedia
Pian a éiríonn i néaróg chéadfach is a mhothaítear ar fud na coda de dhromchla na colainne a bhaineann leis an néaróg. Sa saghas is coitinne, daitheacha cinn, tarlaíonn pianta diana ina míthaomanna ar fud an chlár éadain, na haghaidhe, nó an ghéill, a bhfreastalaíonn brainsí den 5ú néaróg chráiniach ar na réimsí seo den chraiceann. Ní fios conas ná cén fáth a dtarlaíonn sé seo, ach tá seans go spreagann urlabhra, ithe nó gluaisní eile na haghaidhe é. Tá néarailge iarheirpéach ann a tharlaíonn tar éis ionfhabhtú heirpéis (an deir), agus néarailge bhracach a bhaineann le néaróga an bhacán láimhe (an mogalra bracach) is a léiríonn mar chráphian is pian thar na guaillí is síos na géaga. Éiríonn sí go minic as brú mínormálta ar néaróga dromlaigh sa mhuineál.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.