Norman Haworth
ceimiceoir Sasanach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Ceimiceoir Briotánach ab ea Walter Norman Haworth FRS [1](19 Márta 1883 – 19 Márta 1950) a raibh cáil air mar gheall ar a obair cheannródaíoch ar an aigéad ascorbach (vitimín C) agus é ag obair in Ollscoil Birmingham. Bhuaigh sé Duais Nobel sa Cheimic 1937 "for his investigations on carbohydrates and vitamin C".. Roinneadh an duais leis an gceimiceoir Eilvéiseach Paul Karrer as a chuid oibre ar vitimíní eile.[2][3]
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Dún
Réitigh Haworth struchtúr ceart roinnt siúcraí, agus tá aithne air i measc ceimiceoirí orgánacha as an bhforbairt a rinne sé ar theilgean Haworth a aistríonn struchtúir siúcra tríthoiseach go foirm ghrafach dhéthoiseach áisiúil.