ceapadóir Gearmánach From Wikipedia, the free encyclopedia
Innealtóir a rugadh gar do Schlangenbad na Gearmáine ab ea Nikolaus August Otto (14 Meitheamh 1832 - 26 Eanáir 1891).[1] Sa bhliain 1876, cheap Otto an t-inneall dócháin inmheánaigh 4 bhuille a fheidhmíonn de réir "timthriall Otto", a ainmníodh as, an chéad inneall a dhóigh breosla go héifeachtach i gcuasán loine.
Ainm sa teanga dhúchais | (de) Nicolaus August Otto |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 10 Meitheamh 1832 Holzhausen an der Haide (Cónaidhm na Gearmáine) |
Bás | 26 Eanáir 1891 58 bliana d'aois Köln (Impireacht na Gearmáine) |
Áit adhlactha | Melaten-Friedhof |
Teanga dhúchais | an Ghearmáinis |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Teicneolaíocht, innealtóireacht mheicniúil agus foirgníocht |
Gairm | innealtóir, fiontraí, cumadóir, tionsclaí |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Teaghlach | |
Páiste | Gustav Otto |
Gradam a fuarthas
| |
Suas go dtí sin, ba innill dócháin seachtracha iad na hinnill go léir agus dódh an breosla in urrann ar leith. Tar éis roinnt blianta, d'éirigh t-inneall comhbhuailteach coitianta i ngluaisteáin - bunaithe ar chiogal Otto nó ciogal Diesel[2] - ina ndóitear breosla chun an fuinneamh tiomána a sholáthar.
Thairg Sadi Camot i 1824 timthriall bunúsach na teirmidinimice. Mar thoradh ar fhadhbanna fisiciúla is miotalóireachta, ní raibh timthriall Camot praiticiúil. Ach saothraíodh timthriallta eile le cur síos ar innill phraiticiúla, mar shampla timthriall Otto, timthriall Diesel is eile
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.