cumadóir Rúiseach From Wikipedia, the free encyclopedia
Cumadóir ceoil ab ea Nikolai Andreyevich Rimsky-Korsakov (Rúisis: Николай Андреевич Римский-Корсаков, Nikolaj Andreevič Rimskij-Korsakov, freisin Nikolay, Nicolai, agus Rimsky-Korsakoff, rugadh Tikhvin, in aice le Novgorod, 18 Márta 1844; d'éag Lybensk, in aice le St Petersburg, 21 Meitheamh 1908). Ba é duine de na cumadóirí ceoil ba chlúití lena linn agus bhí tionchar aige ar chuid mhaith cumadóirí. Bhain sé an chlú is mó amach dá chuid ceoldrámaí agus amhráin. Ba bhreá leis bheith ag scríobh ceol bunaithe ar an mbéaloideas agus seanscéalta a mhuintir. Bhí saol thar a bheith torthúil aige. Ag pointe amháin bhí sé mar mhúinteoir ag Sergei Prokofiev.
Ceann de na píosaí is cáiliúla dár scríobh sé ná Sheherazade, scéal an bhean úd i Míle Oíche agus Oíche. Píosa eile leis atá aitheanta go forleathan ná The Flight of the Bumble Bee (Eitilt na Beiche). ceoldrámaí
Cé go bhfuil aithne níos fearr ag Rimsky-Korsakov san Iarthar ar a chuid saothar ceolfhoirne, tá a chuid ceoldrámaí níos casta, ag tairiscint éagsúlacht níos leithne d’éifeachtaí ceolfhoirne ná mar atá ina shaothair uirlise agus a scríbhneoireacht ghutha bhreá.[1]
Samplaí ceoil | |
---|---|
Eitilt na Bumbóige | |
|
|
Eitilt na Bumbóige seinnte ag an US Army Band | |
Eitilt na Bumbóige | |
|
|
Cóiriú do dhá phianó le Russel Warner, arna léiriú ag Neal agus Nancy O'Doan | |
Amhrán an Aoi Indiach | |
|
|
Taifeadadh sa bhliain 1929 ar thras-scríobh don veidhlín agus don phianó, leis an veidhleadóir Váša Příhoda | |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.